Bran Beag mac Murchadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBran Beag mac Murchadha
Beathaisnéis
Bás738
Teaghlach
TeaghlachUí Dhúnlainge Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMurchad mac Brain Mut
SiblínMuireadach mac Murchadha, Fáelán mac Murchado agus Dúnchad mac Murchado

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Bran Beag mac Murchadha (Sean-Ghaeilge Bran Becc mac Murchado) (bás 738). Murchad mac Brain (bás 727), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i gcoróin ach le tamall gairid sa bhliain 738.

Insítear i nAnnála Tiarnaigh go ndeachaigh Cathal mac Finghin (bás 742), rí Mumhan, i gceannas slua mhóir i Laigin isteach sa bhliain 738 agus gur bhain sé gialla agus taisce treasure ó Bhran.[2] Deirtear i nAnnála Uladh go raibh i gceist a dheartháir, Faolán mac Murchadha (bás 738), rud atá níos dóichí.[3][4] Luaitear Bran Beag mar sna ríliostaí le fáil sa Leabhar Laighneach, a fhágann ignore Aodh mac Colgan (bás 738) Uí Chinnsealaigh ar lár, cé gur níos dóichí é go raibh seisean ina rí ag an am úd.[5]

Maraíodh Bran agus Aodh, i dteannta le hiliomad eile, i gCath Átha Seanaigh, ag troid in éadan Aodh Allán mac Fearghaile de Chineál Eoghain sa bhliain 738. Tá cuir síos fada le fáil sna hannála Éireann faoin chath seo, aitheanta mar 'Cath na nOch'. Insítear i nAnnála Uladh:[6]

in tali bello tantos cecidisse ferunt quantos per transacta retro secula in uno subcubuisse impetu & feroci ruisse conflictu non conperimus

deirtear gur thit an oiread sin daoine sa chath mór seo nach bhfaighimid ár mar a leithéid in aon ionsaí agus coinbhleacht fhíochmhar amháin ar feadh na haoiseanna uile roimhe seo

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
  2. Annála Tiarnaigh, AT 738.7
  3. Annála Uladh, AU 738.9
  4. Byrne, lch. 209
  5. Byrne, lch. 148
  6. AU 738.4