Faolán mac Murchadha
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 738 (Féilire Ghréagóra) |
Ríthe na Laighean | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Dhúnlainge |
Páiste | Ruairí mac Faoláin |
Athair | Murchad mac Brain Mut |
Siblín | Muireadach mac Murchadha, Bran Becc mac Murchado agus Dúnchad mac Murchado |
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Faolán mac Murchadha (Sean-Ghaeilge Fáelán mac Murchado) (bás 738). He was the son of Murchadh mac Bran Buta (bás 727), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 728 go dtí 738.
Feictear é don chéad uair sna hannála don bhliain 727, nuair a bhuaigh sé ag Cath Bhaireann, i gceannas fir na na Life in éadan Eidirscéal mac Ceallaigh Uí Mháil as Cualu agus Congal mac Brain, a mharaigh beirt.[2] Sa bhliain 728, tháinig sé i gcoróin sa Laigin agus a dheartháir is sine, Dúnchadh mac Murchadha (bás 728) mharaigh aige ag Cath Alúine (Contae Chill Dara).[3]
Agus lag iad Uí Néill ag an am, bhí Cathal mac Finghin (bás 742), rí na Mumhan, in ann a chearta a éileamh ar na Laigin. Sa bhliain 735, tharla Cath Bhealach Éile idir fir Laigean agus Mumhan, agus ár mór ar gach taobh. Maraíodh Ceallach mac Faolchair na nOsraí ag tríd ár son Chathail. Cloíodh Cathal le fírinne, cé go maíonn Annála Inis Faithlinn a mhalairt.[4][5] Is dócha as suíomh an chatha go raibh Ceallach Osraí an ionsaitheoir, ag teacht i dtír as an achrann idir Faolán agus Aodh mac Colgan (bás 738) Uí Chinnsealaigh.[6]
Sa bhliain 738, tháinig Cathal i gceannas slua mhóir agus rug gialla agus taisce ó Fhaolán. D'eag Faolán an bhliain úd, agus é "immatura" (ró-óg).[7][8] Maítear i nAnnála Tiarnaigh gur gabhadh na gialla ó dheartháir Fhaoláin, Bran Beag (bás 738), ach is dócha é nach fíor san.[6]
Phós Faolán baintreach a dheartháir, Tualath ní Chathail. Is sinsear é de chlann Uí Fhaoláin, i gceannas ag An Nás i nOirthir Life (Airthir Liphi). Rinneadh rí Laigean dá mac, Ruairí (bás 785).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
- ↑ Annála Uladh, AU 727.9
- ↑ AU 728.2
- ↑ AU 735.3
- ↑ Annála Inis Faithlinn, AI 735.1
- ↑ 6.0 6.1 Byrne, lch. 209
- ↑ AU 738.1, 738.9
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 738.7