Ruairí mac Faoláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ruaidrí mac Fáeláin)
Jump to navigation Jump to search

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Ruairí mac Faoláin (Sean-Ghaeilge Ruaidrí mac Fáeláin) (bás 785). Faolán mac Murchadha (bás 738), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 776 go dtí 785.

Sa bhliain 770, ghéill na Laigin sin Ardrí, Donnchadh Mí (bás 797) de Chlann Cholmáin. Sa bhliain 777, chuaigh sé in éadan Síol Aodha Sláine as Breá le slua mór na Laigean.[2]

Dhá bhliain níos dearanaí, rinne Donnchadh feachtas in éadan Laighen arís. Cloíodh Ruairí agus rí Uí Chinnsealaigh, Cairbre mac Laoghchinn, ag Cath Óchtar Ocha (Cill Choca, gar de Chill Dara). Chuaigh Donnchadh ar a dtóir agus scrios agus sigh sé a gcuid tailte agus eaglaisí.[3] Insítear i nAnnála Uladh faoin eachtra seo: {{cquote | Sluaigh mair ...
croo do-snegat srota,</ref>do-snig ar eDILEarráid leis an lua: Closing </ref> missing for <ref> tag

An bhliain chéanna, eagraíodh tionól idir Uí Néill agus na Laigin ag Teamhraigh and cuireadh síocháin ar ais i bhfeidhm.[4] An bhliain dár gcionn áfach, tharla cogadh arís ar theorann Bhreá. Tharla Cath na Rig agus maraíodh rí Uí Gharrchon, Cú Chongelt.[5]

Sa bhliain 782, tharla cogadh idir Ruairí agus a chéile comhraic, Bran. Cloíodh Bran agus gabhadh é ag Cath an Churraigh. Maraíodh comhghuaillithe Bhrains, Mugrón mac Flainn, rí Uí Fhailí, agus Dubh dhá Chríoch mac Laoghchinn Uí Chinnsealaigh.[6]

I measc a mac, bhí: Muireadach (bás 829), rí Laigin; agus Diarmaid (bás 832), rí Oirthir Life agus sinsear ríthe Uí Fhaoláin.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
  2. Annála Uladh, AU 777.3
  3. AU 780.7
  4. AU 780.12
  5. AU 781.4
  6. AU 782.3