Cairpre mac Laidcnén

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCairpre mac Laidcnén
Beathaisnéis
Bás793
Teaghlach
TeaghlachUí Chinnsealaigh Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínDub Calgaid mac Laidcnén agus Donngal mac Laidcnén

Uí Chinnsealaigh na Laigean Theas ba ea Cairbre mac Laoghchinn (Sean-Ghaeilge Cairpre mac Laidcnén (bás 793). Ba bhall é de Shíol Chormaic, atá go háirithe ceannairí Uí Dhróna (Uí Dhróna Thoir/Thiar mar atá inniu ann). Crannmhaol Anbholg (bás 655), a shean-sin-seanathair, ba ea a shinsear deireanach a bhí ina rí.[1] Donngal mac Laidcnén (bás 761) and Dub Calgaid mac Laidcnén (bás 769), iar-ríthe beirt, ba ea a dheartháireacha. Bhí sé i réim ón mbliain 778 go dtí 793.

Sa bhliain 780, tharla cogadh idir na Laigin agus an Ardrí, Dunchadh na Mí. Thug Cairbre tacaíocht do rí na Laigean, Ruairí mac Faoláin (bás 785) Uí Dhúnlainge, ach cloíodh iad ag Cath Óchtar Ocha (ag Cill Choca, gar do Chill Dara).[2][3] Cuireadh Donnchadh ar a dtóir agus scrios agus dhóigh sé a gcuid tailte agus eaglaisí. Tá naisc idir an cath seo agus suíomh gar do Cheanannas agus d'fhéadfadh é gur ionsaí na Laigean a theip a bhí i gceist.[4]

Sa bhliain 782, is amhlaidh gur thug Cairbre a chur tacaíochta do Bhran Ardcheann mac Muireadaigh (bás 795) agus é ag éileamh coróin na Laighean in éadan Ruairí. Cloíodh agus gabhadh Bran ag Cath an Churraigh (gar do Chill Dara). Maraíodh deartháir Chairbre, Dubh Dhá Chríoch, ag tríd ar son Bhrain.[5][6]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mac Niocaill, lch. 128, fig. 22
  2. Annála Uladh, AU 780.7
  3. Byrne, lch. 158
  4. Mac Niocaill, lch. 142
  5. AU 782.3
  6. Charles-Edwards, lch. 578