Muireadhach mac Ruairí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Muiredach mac Ruadrach)
Infotaula de personaMuireadhach mac Ruairí
Beathaisnéis
Breith8 haois
Bás829
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Fhaoláin Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRuairí mac Faoláin

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Muireadach mac Ruairí (Sean-Ghaeilge Muiredach mac Ruadrach (bás 829). Ruaidrí mac Fáeláin (died 785), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 805 go dtí 806 agus arís ó 808 go 829, mar chomhrí le Muireadach mac Brain Ardchinn go dtí a bhás sa bhliain 818.[2]

Sa bhliain 805, chuir an tArdrí Aodh Oirdní (bás 819) de Cineál Eoghain an ruaig ar rí Laigean, Fíonsneachta Ceathairdheach (bás 808), agus chuir bheirt Mhuireadach i gcoróin.[3] Chuaigh Fíonsneachta chuid Muirgius mac Tommaltaig (bás 815), rí na gConnacht, ag lorg tearmainn, a chuaigh leis ansin a chuirinn a fháil ar ais sa bhliain 806.[4] Dar leis an Leabhar Laighneach, fuair Fíonsneachta a choróin ar ais tar éis dó beirt mhac Ruairí a chloí, is dóigh Muireadach agus a dheartháir, Diarmaid.[5]

Tar éis bhás Fhíonsneachta, tháinig an bheirt Mhuireadach ar ais i réim, Muiredach mac Ruadrach ina rí aonair tar éis bhás Muireadaigh mhic Bhrain sa bhliain 818. Sa bhliain úd, bhailigh Aodh Oirdní Araí a airm ar theorainn Laigean ag Dún Cuair agus rinne sé iarracht arís an cúige a rinne idir beirt 'gharmhac' Bhrain.[6] Más fíor, bhí siad ró óg ag an am.[7]

Sa bhliain 818, bhí na Laigin ciontach i gcás dúnmharú abb Cell Mór Enir (gar do'Ard Mhacha[8] An bhliain dár gcionn, rinne Aodh Oirdní ionsaí ar na Laigin mar dhíoltas, ag scrios Chuala chomh fada le Gleann Dá Loch.[9]

Sa bhliain 820, chuaigh na Laigin in éineacht leis an Ardrí nua, Conchúr mac Donnchadha (bás 833) de Chlann Cholmáin, ar feachtas in éadan a comhraic, Murchadh mac Maoil Dúin de Chineál Eoghain, agus níor tharla cath ar bith.[10] Níos deireanaí, sa bhliain 827, bhí achrann Aonach Cholmáin, ina ndearna Muireadach ruathair ar Uí Chinnsealaigh.[11]

Tháinig a dheartháir, Diarmaid (bás 832), i gcomharbacht ar mar rí Uí Fhaoláin, agus glaoitear rí Oirthir Life air sna hannála.[12] Rinneadh rí Laigean de mhac Dhiarmada, Muireacán (bás 863).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 9
  2. Tugtar réimeas 21 bliain sa Leabhar Laighneach
  3. Annála Uladh, AU 805.7
  4. AU 806.4
  5. Byrne, lch. 160
  6. AU 818.6
  7. Byrne, lch. 161
  8. AU 818.7
  9. AU 819.1
  10. AU 820.2
  11. AU 827.9
  12. AU 832.8