Fínsnechta Cethardec

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFínsnechta Cethardec
Beathaisnéis
Breith8 haois
Bás808 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe na Laighean
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Dhúnchadha Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCeallach mac Dúnchadha

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Fíonsneachta Ceathairdheach mac Ceallaigh (Sean-Ghaeilge Finsnechta Cethardec mac Cellaig) (bás 808). Ceallach mac Dúnchadha (bás 776), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 795 go dtí 808.

Ar an 6ú Bealtaine 795, mharaigh Fíonsneachta go fealltach an t-iar-rí Bran Ardchenn agus a bhanríon Eithne (á ndó) i gCill Cúile Duma.[2] Ba ghníomh polaitiúil gan trua é seo, dírithe in aghaidh an Ardrí, Donnchadh Mí (bás 797), deartháir Eithne.[3] D'éirigh Fíonsneachta ina rí Laigean dá bharr.

Sa bhliain 804, rinne an tArdrí Aodh Oirdní (bás 819) de Cineál Eoghain ionsaí ar na Laigin agus ghéill Fíonsneachta.[4] Bhailigh Aodh arm Leath Choinn ag Dún Cuair ar theorainn na Laigean agus rinne sé ionsaí iontu faoi dhó laistigh d'aon mhí amháin.[5] Deirtear i nAnnála na gCeithre Máistrí faoi eachtra seo:[6]

Iarsain soais co l-Laighniu,
Aedh net nat imcaibh oghru,
Nír an an tetrí tadcach,[7]
condo-farcaibh i m-broghnu[8]
Théis sin, filleann sé go Laighin,
Aodh, a soldier who shunned not battles.
Níor fhan an bithiúnach rí
gur fhág i nganntanas iad.

Is amhlaidh nach raibh an tArdrí sásta leis an ngéilleadh úd, agus tháinig sé ar ais sa bhliain 805 agus chuir an ruaig ar Fíonsneachta. Chuir sé Muiredach mac Ruadrach (bás 829) Uí Fhaoláin agus Muiredach mac Brain (bás 818) Uí Mhuireadaigh i gcoróin mar chomh-ríthe.[9] Thug Muirgius mac Tommaltaig (bás 815), rí na gConnacht, tearmann d'Fhíonsneachta, agus thug cuidiú dó a choróin a fháil ar ais sa bhliain 806,[10] ag cloí Muireadaigh agus a dhearthár, Diarmaid.

Idir an dá linn, thosaigh Fíonsneachta le heaglais Chill Dara a thógaint faoina cheannas, rud ba chúis le hachrann le hUí Fhailí. Sa bhliain 803, maraíodh go fealltach Aonghas mac Mughróin, rí Uí Fhailí, ag lucht leanúna Fhíonsneachta, agus sa bhliain 806 agus é ar ais i gcoróin, maraíodh Flaithnia mac Cináeda, rí Uí Fhailí ina dhún ag Ráth Iomgháin.[11] Rinneadh abb Cill Dara dá dheartháireacha, Faolán (bás 804) agus Aodh (bás 829), agus nia agus garnia. Bhí a dheirfiúr Fíonsneachta sister Muireann (bás 831) ina ban-abb Chill Dara.[10]

D'éag Fíonsneachta ag Cill Dara, de dhaorghalar.[12]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath : Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín XVII
  2. Annála Uladh, AU 795.1
  3. Charles-Edwards, lch. 578
  4. AU 804.10
  5. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 160
  6. Annála na gCeithre Máistrí, M799.9
  7. ? tadcach, the robber King, at eDIL
  8. brognu, ganntanas, ar eDIL
  9. AU 805.7
  10. 10.0 10.1 Byrne, lch. 160
  11. AU 803.6, 806.10
  12. AU 808.6