Óengus mac Mugróin
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 803 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Athair | Mughrón mac Flainn |
Rí Uí Fhailí ba ea Óengus mac Mugróin (básaithe 803). Mugrón mac Flainn (bás 782), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 783 go dtí 803.[2]
Tharla aighneas cathartha i n Uíbh Fhailí sa bhliain 789 agus ár mór dá bharr ag Cluain Fearta Mongáin (Cill Chluana Fearta, Uíbh Fhailí) inár maraíodh col ceathrar Aonghasa, Aodh mac Tomaltaigh.[3][4] Sa bhliain 803, maraíodh Aonghas go fealltach ag lucht leanúna Fínsnechta Cethardec mhic Ceallaigh (bás 808), ardrí Laigean.[5][6] Bhí Fíonsneachta ag iarraidh smacht a ghabháil ar eaglais Chill Dara.
Rinneadh rí Uí Fhailí dá gharmhac, Máel Sinchill mac Mughróin (bás 881).
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála Uladh, iml. 1
- Leabhar Laighneach, at Rig hua Falge
- Donnchadh Ó Corráin, Rawlinson B 502, Ginealaigh
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, imleabhar One, Oxford: Oxford University Press
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mac Niocaill, lch. 127
- ↑ Ní thugtar ach réimeas trí bliana dó sa Leabhar Laighneach
- ↑ Annála Uladh, AU 789.10
- ↑ Donnchad Ó Corráin, New History of Ireland, imleabhar I, lch. 601
- ↑ AU 803.6
- ↑ Byrne, lch. 160