Ríthe Uí Fhailí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bhíodh ríocht Uí Fhailí (nó Uíbh Fhailí) ann roimh an ré stairiúil i nÉirinn ar a laghad. Chuireadar díobh ionraí Uí Néill, na nEoghanacht agus na Normannach ach go háirithe. Bhí an dún ríoga ag Ráth Iomgháin, Contae Chill Dara, ó dhúchas, ach bogadh é go to Daingean tar éis ionradh na Normannach.

Faoi lár na 11ú haoise, bhí an sloinne Ó Conchúir Fhailí (Ua Conchobhair Failge) glactha ag a rítheaghlach. Ní raibh gaol ann eatarthu agus rítheaghlaigh Uí Conchúir as na Connachta agus Ciarraí.

Sna 1530í, thug Brian tacaíocht d'éirí amach Silken Thomas. Tar éis Thomas a chloí, tugadh pardún dó agus bronnadh an teideal "Barún Uí Fhailí" air.[1]

Tar éis bhás an rí de facto deireanach, agus barún de jure, Brian mac Cathaoir Ó Conchobhair Failghe, sa bhliain c. 1556, scaradh Uíbh Fháilí idir na contaetha King's County (Uíbh Fhailí), Queen's County (Laois) agus Cill Dara ag Máire I Shasana le linn Phlandáil na hÉireann. Caomhnaíodh ainm na ríochta in dhá bharúntacht i gCill Dara, Uíbh Fhailí Thoir agus Uíbh Fhailí Thiar. Tar éis shaoirse na hÉireann, athainmníodh King's County go Contae Uíbh Fhailí.

Luath ríthe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ríthe c. 1051 - c. 1556[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Congalach Ua Conchobair, bás 1051
  • Gilla Patraic mac Conchobair Ua Sibleáin, 1051-1071
  • Conchobar mac Congalaig, 1071-1115
  • Muirchertach, ?-1095
  • Rogan mac Domnaill meic Conchobair, 1115-c.1118
  • Cu Faifne mac Congalaig, c. 1118-1130
  • Donnchad mac Con Faifne, 1130-1134
  • Aed mac Domnaill, 1134-????
  • Mael Morda mac Conchobair
  • Conchobar mac Con Faifne
  • Mael Sechlainn mac Conchobair
  • Congalach mac Con Faifne
  • Murchad mac Con Faifne
  • Muirchertach mac Muirchertaig (Int Athchlerch), ????-c.1151
  • Aed mac Donnchada (Gilla na Findmona), c.1151-1159
  • Domnall Ruad mac Congalaig, 1159-1161
  • Mael Sechlainn mac Congalaig, 1161-1164
  • Donchad Ruad Roigne, 1164-????
  • Diarmait mac Congalaig,
  • Muirchertach mac Congalaig, ????-1169?
  • Diarmait mac Con Broga Ua Dimmusaig, tar éis 1172-1193
  • Muirchertach mac Briain, beo 1212
  • Mael Morda mac Muirchertaig meic Donnchada, ????-1225
  • Muirchertach mac Maele Morda, 1225-????
  • Muirchertach mac Muirchertaig, ????-c. 13ú Meitheamh 1305
  • Murchad mac Muirchertaig, 1305-????
  • Mael Sechlainn mac Muirchertaig, ????-1329
  • Muirchertach Óg mac Muircherartaig, ????-1384
  • Murchad mac Muircheartaig Óig, 1384-1421
  • Diarmaid mac Muirchertaigh Óig, 1421-c. 1425
  • An Calbhach Mór mac Murchada, c. 1425-1458 (féach Máireg Béan Uí Chonchubhair Failghe)
  • Conn mac an Chalbhaig, 1458-fómhar 1474
  • Cathaoir mac Cuinn, 1474-1511
  • Brian mac Taidhg meic an Chalbhaigh, 1511-1517
  • An Calbhach mac Taidhg, 1517-c. 1525
  • Brian mac Cathaoir, c. 1525 - c. 1556 (cruthaíodh ina Bharún Uíbh Fhailí sa bhliain 1538; teideal forghéillte sa bhliain 1550)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "1914 history by Revd McCaffrey". Dáta rochtana: 2010-05-27.