Ailill mac Aodha Róin
Cuma
(Athsheolta ó Ailill mac Áedo Róin)
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 639 |
Teaghlach | |
Athair | Aodh Rón mac Cathail |
Rí Uí Fhailí ba ea Ailill mac Aodha Róin (Sean-Ghaeilge Ailill mac Áedo Róin) (bás 639). Áed Rón mac Cathail (bás 604), iar-rí, ba ea a athair.[1]
Feictear é sa ríliosta sa Leabhar Laighneach agus luaitear é fosta i ndán maidir leis an ndún ríoga ag Ráth Iomgháin.[2] Is dóigh go raibh sé i réim ón mbliain 604 go dtí 639.[3]
Ní tuairiscítear sna hannála ach gur éag sé, gan sonraí.[4][5] De shliocht a uncail, Maol Umha, a bhí ríthe a tháinig ina dhiaidh.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála Uladh, iml. 1
- Leabhar Laighneach, at Rig hua Falge
- Donnchadh Ó Corráin, Rawlinson B 502, Ginealaigh
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, imleabhar One, Oxford: Oxford University Press
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mac Niocaill, lch. 92
- ↑ Byrne, lch. 153-154
- ↑ Tugtar réimeas ceithre bliana is fiche dó sa Leabhar Laighneach
- ↑ Annála Uladh, AU 639.6
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 641.8