Jump to content

Failge Berraide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFailge Berraide
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata

Rí agus sinsear eapainmneach Uí Fhailí ba ea Failghe Bearraí (Sean-Ghaeilge Failge Berraide) (fl. 507-514).[1]

Ní fios go cruinn cérbh é. D'fhéadfadh gurbh é Rus Failge, mac an Ard-Rí, Cathair Mór, a mhair a mheastar sa 2a haois de réir na nginealach, ach ní féidir seo ó thaobh chroineolaíochta de.[2] Sa Leabhar Laighneach, feictear sna ríliostaí luathrí darbh ainm Failge Rot mac Cathair.

Is amhlaidh go raibh Uí Fhailí i gceannas i measc luathfhinte na Laighean. Tugtar é seo le fios le fianaise an dáin Timna Cathaír Máir (Tiomna Chathrach Mhóir), ina dtagann Rus Failge i gcomharbacht ar a athair.[3]

Céile comhraic Fhiacha mhic Néill, bunaitheoir Cenél Fiachach, ba ea Failge. Sa bhliain 507, cloígh sé Fiacha i gCath Fhréamhainn (gar den Mhuileann gCearr, Contae na hIarmhí).[4][5] Bhí bréagthairngreacht tugtha d'Fhiacha go mbuafadh sé an cath, agus bhí fonn díoltais air. Sa bhliain 514, bhain sé a chúiteamh amach, agus Failge clóite aige i gCath Droma Dheirg. Mar thoradh an chliste seo, chaill na Laigin a gcuid críoch ar mhaigh na Mí, agus tháinig Fiacha i gceannas i dtailte ó Bhiorra go hUisneach, san Iarmhí an lae inniu.[6][7]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • McCarthy's synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.
  1. Gach dáta per The Chronology of the Irish Annals, le Daniel P. McCarthy
  2. Byrne, Table 8; Charles-Edwards, Aguisín XV
  3. Byrne, lch. 139
  4. Annála Uladh, AU 510.1
  5. Annála Tiarnaigh, AT 507.1
  6. AU 516.1, 517.3
  7. AT 514.3


Teimpléad:Laigin