Fiacha mac Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Fiachu mac Néill)
Infotaula de personaFiacha mac Néill
Beathaisnéis
Breith5 haois
Bás6 haois
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre(Floruit: 510)
Teaghlach
TeaghlachUí Néill Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNiall Noígíallach
SiblínEoghan mac Néill agus Coirpre mac Néill
Duine muintearthaÁed mac Bricc (dírshliochtach) Cuir in eagar ar Wikidata

Rí Uisnigh de mhuintir Uí Néill an Deiscirt ba ea Fiacha mac Néill (Sean-Ghaeilge Fiachu mac Néill) (beo 507–514[1]). An tArdrí Niall Naoighiallach ba ea a athair.[2] Dar le ríliosta sa Leabhar Laighneach, tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir Conall Chriomhthainn (bás 480).[3]

De réir Vita tripartita Sancti Patricii, thug Naomh Pádraig cuairt ar Fhiacha agus a dheartháir Éanna ag Cnoc Uisnigh. Dhiúltaigh Fiacha baisteadh a ghlacadh ón Naomh, a chur maireachtáil ar Uisneach. Insíonn Tíreachán scéal eile, ag rá gur mharaigh mac Fhiacha duine de leanúna Phádraig i rith na cuairte, agus chuir Pádraig mallacht ar a mhuintir.[4]

Feictear Fiacha sna hannála mar as choncaire na Mí, agus Failge Berraide, sinsear Uí Fhailí na Laigean, a chéile comhraic. Sa bhliain 507, chloígh Fiacha ag Failge i gCath Frémainn (gar de Mhuileann gCearr, Contae na hIarmhí).[5][6] Bhí bréagthuar tugtha d'Fhiacha go mbuafadh sé an cath. Sa bhliain 514, bhain sé a dhíoltas amach nuair a chloígh sé Failge ag Cath Druim Derg. Dá bharr, chaill na Laigin maigh na Mí.[7][8]

Sinsear Chineál Fhiacha ba ea Fiacha, dream le codanna ann amhail is Mhig Eochagáin agus Uí Uige. Shíneadh a gcuid críoch ó Bhiorra go hUisneach i ndeisceart na hIarmhí agus tuaisceart Uíbh Fhailí. Glaodh Fir Cheall ar a gcuid tailte sa deisceart, agus níos deireanaí Maigh Chaisil.[9] Bhunaigh a mhac Tuathal géag tuaisceartach, agus a mhac Úathnemgenn géag deisceartach. Sinseanathair naomh áitiúil, Aodh mac Bric (bás 589), ba ea mac eile, Criomhthann.[10]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • McCarthy's synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. gach dáta de réir The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy.
  2. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 1.
  3. Leabhar Laighneach, Rig Uisnig.
  4. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 28–29
  5. Annála Uladh, AU 510.1
  6. Annála Tiarnaigh, AT 507.1.
  7. AU 516.1, 517.3
  8. AT 514.3.
  9. Byrne, Irish Kings and High Kings, lch. 93.
  10. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín VII.