Uí Fhaoláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rítheaghlach na Laighean de mhuintir Uí Dhúnlainge ba ea Uí Fhaoláin (Meán-Ghaeilge Uí Fáeláin).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faolán mac Murchadha (bás 738) duine de thriúr mac Mhurchadha mhic Bhrain Mut, ba ea sinsear eapainmneach Uí Faoláin. Idir na blianta 776 agus 1018, rinneadh rí Laighean de naonúr dá chlann, ar seal lena ngaoil Uí Mhuireadhaigh agus Uí Dhúnchadha.[1].

Roimh an 12ú haois, bhí lárionad a gcuid críoch suite ag Nás na Ríogh (an Nás) ar mhachaire na Life, i dtuaisceart Chontae Chill Dara. Bhí na barúntachtaí An Nás Thuaidh, An Léim Theas, Claonadh, Uí Chéithigh agus Uachtar Fhine ann, chomh maith le codanna de bharúntachtaí eile sa cheantar.

Le linn ionradh na Normannach ar Éirinn, b'éigean do chlann Uí Bhroin, géag Uí Fhaoláin, a n-áit a fhágáil agus Sléibhte Chill Mhantáin a lonnú, i n-iar-ríocht Uí Fhearghail Uí Gharrchon. Glaodh Crioch Bhranach ar an tuath, agus ann san áireamh an bharúntacht An Caisleán Nua i dteannta le codanna na mbarúntachtaí Baile na Corra Thuaidh/Theas agus an tInbhear Mór.

Filí ó oidhreacht i bhfostú Uí Bhroin ba ea clann Mhic Eochaidh.

Ginealach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le Rawlinson B 502, is é seo a leanas ginealach Uí Fhaoláin le cúig ghlúin déag:

Domnal mc Cerbaill m. Murchada m. Máel Mórda m. Cerbaill m. Fáeláin m. Murchada m. Find m. Máel Mórda m. Muirecain m. Diarmata m. Rhuadri m. Fáeláin m. Murchada m. Bran Mut (bás 693)

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Francis John (2001). "Irish Kings and High-Kings": 341. Four Courts Press.