Cellach mac Fáelchair
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 735 |
Ríthe na nOsraí | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Dál Birn |
Páiste | Dúngal mac Cellaig |
Athair | Fáelchar Ua Máele Ódrain |
Rí na nOsraí den Dál Bhirn ba ea Cellach mac Fáelchair nó Cellach Raigni (bás 735). Fáelchar ua Máele Ódrain (bás 693), iar-rí, ba ea a athair.[1] Tháinig sé i gcomharbacht ar Ailill mac Fáeláin.
Ní fios cathain a tháinig sé i gcoróin. Cú Cherca mac Fáeláin (bás 712) ba ea an rí deireanach Osraí luaite sna hannála roimh Cellach féin. Sna ríliostaí le fáil sa Leabhar Laighneach ámh tá beirt ríthe idir Cú Cherca agus Cellach.
Ag an am seo, bhí na hOsraí cuid de ríocht na Mumhan agus san 8ú haois bhíodar go minic i mbun achrainn leis na Laigin. Maraíodh athair Cheallaigh ag tríd ina gcoinne. Sa bhliain 735, throid fir na Mumhan, faoi cheannas Cathal mac Finguine (bás 742), agus na Laighean Cath Bhealach Éile.[2][3] Maraíodh go leor fir na Mumhan, Cellach ina measc. Is amhlaidh, as suíomh an chatha, go raibh Ceallach an t-ionsaitheoir, ag iarraidh leas a bhaint as an gcoimhlint idir Uí Dúnlainge agus Uí Chinnsealaigh na Laigean.[4]
Tháinig Forbasach mac Ailellai gcomharbacht air. Rinneadh rí Osraí freisin dá mhac Dúngal (bás 772) in ann trátha, ach tháinig géag eile den rítheaghlach i gceannas níos deireanaí.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh
- Annála Tiarnaigh
- Leabhar Laighneach, Reges Ossairge
- Ghinealaigh ó Rawlinson B 502, tiomsaithe le Donnchadh Ó Corráin
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Rawlinson B 502, lch. 111
- ↑ Annála Uladh, AU 735.3
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 735.3
- ↑ Byrne, lch. 209