Dúnchadh mac Murchadha
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 728 |
Ríthe na Laighean | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Dhúnlainge |
Páiste | Ceallach mac Dúnchadha |
Athair | Murchad mac Brain Mut |
Siblín | Muireadach mac Murchadha, Bran Becc mac Murchado agus Fáelán mac Murchado |
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Dúnchadh mac Murchadha (Sean-Ghaeilge Dúnchad mac Murchada (bás 728). Murchadh mac Brain Buta (bás 727), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 727 go dtí 728.
Bhí Dúnchadh ar an bhfód nuair a bhuaigh a athair in éadan an Ardrí Uí Néill, Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722) ag Cath Alúine sa bhliain 722. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair sa bhliain 727. Cidh sé a chéile comhraic Uí Chinnsealaigh, Laidcnén mac Con Mella, a maraíodh ag Cath Maistean (Mullach Maistean, deisceart Contae Chill Dara) sa bhliain 727.[2] An bhliain dár gcionn, ámh, chloígh agus mharaigh a dheartháir, Faolán mac Murchadha (bás 738), é ag Cath Aileann (Co. Chill Dara), a thóg an ríogacht agus a phós a bhaintreach.[3]
Bhí Dúnchadh pósta le Taileflaith ní Chathail mhic Finghin (bás 742), rí Mumhan. Sinsear Uí Dhúnchadha clann Uí Dhúnlainge, is ea Dúnchadh, lonnaithe ag Cnoc Liamhna ar theorainn Áth Cliath-Cill-Cill Dara. Rinneadh rí Laigean dá mac, Ceallach (bás 776).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
- ↑ Annála Uladh, AU 727.6
- ↑ AU 728.2