Cathal Cú-cen-máthair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCathal Cú-cen-máthair
Beathaisnéis
Breith602
Bás665
62/63 bliana d'aois
Siocair bháisPlá
Rí na Mumhan
661 – 665
← Máenach mac FínginColgú mac Faílbe Flaind → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Ghleanndamhnach Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFinguine mac Cathail, Ailill mac Cathail Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCathal mac Áedo

Rí na Mumhan d'Eoghanacht Ghleanndamhnach ba ea Cathal Cú-gan-mháthair mac Cathail (Sean-Ghaeilge Cathal Cú-cen-máthair mac Cathaíl) (bás 665). Bhí sé i réim timpeall ón mbliain 661 un go dtí a bhás. Cathal mac Aodha (bás c. 628) ba ea a athair.

Tháinig Cathal i gcomharbacht ar Mhaonach mac Finghin d'Eoghanacht Chaisil. I ndán luaite le Luccrech moccu Chérai, faightear liosta dá shinsir ar ais go Ádhamh.

D'éag Cathal sa bhliain 665 de phlá a mharaigh go leor eile sna hannála Éireann. Sna ríliostaí, tháinig Colgú mac Faílbe Flaind d'Eoghanacht Chaisil, i gcomharbacht air.

Bhí ar a laghad beirt mhac ag Cathal, Finghin (bás 696) agus Ailill (bás 701). Feictear an bheirt acu sna hannála mar ríthe na Mumhan.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]