Mór Mumhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Banríon céile na Mumhan agus iníon an rí, Aodh Beannán ab ea Mór Mhumhan (Sean-Ghaeilge Mór Muman), nó Máthair Mhór, de réir luathlitríocht na nGael.

Ainmnítear cúige Mumhan aisti,[1] agus creidtear gur máthairdhia eoihéimirithe na cúige í, go háirithe desna hEoghanachta.[2][3] Tá aithne uirthi fosta faoin ainm Mugain, agus d'fhéadfadh é gurb ionann í agus Anu agus Mór-Ríoghain.[1]

Seanchais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mór Muman 7 Aided Cuanach meic Ailchine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caomhnaítear an seanscéal Mór Muman 7 Aided Cuanach meic Ailchine ("Mór Mumhan agus Anbhás Chuanach mhic Ailchine") sa Leabhar Laighneach. Moltar go dtéann an scéal siar go dtí an 10ú nó níos luaithe.[4]

Insítear sa scéal gur cuireadh, Mór faoi gheis, agus go ndeachaigh sí ar fána ar fud na hÉireann le dhá bhliain sular tháinig sí go Caiseal agus cúirt ríoga Fighin mhín mhic Aodha Dhuibh. Oíche amháin, luigh Finghin léi agus tháinig a chuimhne ar ais. Ar maidin, thug Finghin di fallaing agus dealg na banríona. Scar sé óna bhanríon go dtí sin, iníon rí na nDéise, agus tháinig Mór i gcomharbacht uirthi, óir go pór níos fearr.

Tar éis bás Finghin, phós Mór Mumhan Cathal mac Aodha. Cheap tiomsaitheoir an scéil de thaisme ámh gurbh é an Cathal úd ná a gharmhac, Cathal mac Finguine.[5]

Dinnseanchas Aoí[cuir in eagar | athraigh foinse]

The Dinnseanchas Aoi say of Fingen and Mór:

Is ferr d'andrib Inse Fáil
Mór, ingen Aéda Bennáin.
Ferr Fíngen inná cech fer
mimmarédi dar Femen.[6]

Is fearr í de mhná Inse Fáil
Mór iníon Aodha Bheannáin.
Is fearr é Finghin ná gach fear
a théann thar Femen.

Mis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá scéal mar an gcéanna an maidir le Mis, a bhfuil Sliabh Mis ainmnithe aisti. D'fhéadfadh é gurb ionann í Mór.[7] Deirtear go ndeachaigh Mis as a meabhair agus gur mhair sí ina haonar go fiáin sna sléibhte. Tháinig sí chuici féin tar éis di bualadh agus luí le cláirsí darbh ainm Dubh Rois.

Is dócha go bhfuil mar móitíf ag na scéalta seo ná an loathly lady, ina thagann bandia an fhlaithis ar an bhfód i riocht cailligh, go dtagann rí dlisteanach agus pógann sé í, agus leis sin, éiríonn sí arís ina bean álainn.[7]

Mór agus Lear[cuir in eagar | athraigh foinse]

Insítear i scéal eile gur tháinig Mór agus a fear céile Lear i dtír ag An Daingean agus gur lonnaigh siad i nDún Mór. Lá amháin, chuaigh Mór ag dreapadh go barr Sliabh an Iolair, chun go bhfeice sí an tír inar chónaigh sí. 'Rugadh gearr' uirthi ámh, agus shuigh sí ar a gogaide chun steall fuail a dhéanamh. Deirtear go ndearna a cuid múin dá bharr na hailteanna a ghearann sléibhte na Mumhan. Ag bun an tsléibhe tá áit darb ainm Tigh Mhóire.[8]

Faightear go minic i seanscéalta an móitíf seo ina chruthaíonn bandia an tírdhreach.[7]

Bandia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear gurb ionann Mór Muman is agus Mughain, agus san áireamh tréithe Méabha agus Mór-Rioghana. Glaoitear uirthi scaití ach amháin Mumha, a thugann go soiléir le fios a nasc le cúige Mumhan.[2]

Meastar freisin gur bandia flaitheas í Ruithchern, deirfiúr Móire. Is ise laoch an scéil caillte Aithed[9] Ruithcherne la Cuanu mac Cailchin.[4]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá bás Mhór Mumhan iníon Aodha Bheannáin taifeadta i nAnnála Uladh don bhliain 632 agus i nAnnála Tiarnaigh don bhliain 636.[10]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Mac Cana, Proinsias (1955–1956). "Aspects of the Theme of the King and the Goddess in Irish literature". Études Celtiques 7 & 8: 356 – 413 & 59 – 65. 
  • "Mór of Munster and the Tragic Fate of Cuanu son of Calchin" (1912). Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann C30: 261 – 282. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Olmsted, Garrett. The gods of the Celts and the Indo-Europeans. University of Innsbruck, 1994, ll. 162, 206, 270
  2. 2.0 2.1 MacKillop, "Mór Muman".
  3. Lysaght, Patricia, "Traditions of the Banshee", in Miranda Green & Sandra Billington (eag.), The Concept of the Goddess. Psychology Press, 1996, lch. 158
  4. 4.0 4.1 Wiley.
  5. Byrne, Irish Kings, ll. 204–207.
  6. Dindshenchas[nasc briste go buan], imleabhar 3, lch. 203.
  7. 7.0 7.1 7.2 Monaghan, Patricia. The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. Infobase Publishing, 2004, ll. 336
  8. Ó hÓgáin, Dáithí. Myth, Legend & Romance: An encyclopaedia of the Irish folk tradition. Prentice Hall Press, 1991, lch. 305
  9. aithed, athadh, éalú, ar eDIL
  10. "Annals of Tigernach".