Saltair Chaisil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Saltair Caisil)

Lámhscríbhinn Ghaelach ba ea Saltair Chaisil atá anois caillte, ach is léir go raibh an-tionchar aici ar sheanchas stairiúil na hÉireann.

saltair a bhí i gceist go cruinn. Is amhlaidh go bhfuarthas ann ginealaigh, liostaí ríthe, sioncronachtaí agus ábhair naomhsheanchais maidir leis an Mumhain, i measc eile.[1] Is féidir ar a laghad cuid dá hábhair a athchruthú a bhuí le luanna agus cuir síos níos deireanaí. Is léir trína luanna úd go raibh ardmheas ag scoláirí uirthi, go háirithe a cuid ginealach.[2]. D'fhéadfadh é go bhfuil roinnt téacs fós ann, caomhnaithe i lámhscríbhinní atá ar marthain.[3][4]

De réir scoláireacht idir an meánaois agus an lá inniu, meastar go minic gurbh é Cormac mac Cuileannáin (bás 908), easpag agus Rí na Mumhan, a thiomsaigh an saothar. Creidtear fosta ámh, gur scríobhadh í faoi Bhrian Bóramha (bás 1014), rí na Mumhan agus Ard-Rí uaillmhianach na hÉireann, chun a éilimh ríoga a chosaint.

Ba é leabharlann Iarlaí Cill Dara áit aitheanta dheiridh ina raibh an lámhscríbhinn, as ar imigh sí am éigin sna 1630í nó 1640í. Scriosadh agus scaipeadh an leabharlann féin sa bhliain 1642.[5]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ó Riain, 'Psalter of Cashel', ll. 304–17.
  2. Jaski, Genealogical Section'.
  3. Ó Riain, 'Psalter of Cashel'
  4. Jaski, 'Genealogical section'.
  5. Byrne, 'Earls of Kildare', ll. 133–34.