Jump to content

Saltair Chaisil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadSaltair Chaisil
Cineállámhscríbhinn Cuir in eagar ar Wikidata

Lámhscríbhinn Ghaelach ba ea Saltair Chaisil atá anois caillte, ach is léir go raibh an-tionchar aici ar sheanchas stairiúil na hÉireann.

saltair a bhí i gceist go cruinn. Is amhlaidh go bhfuarthas ann ginealaigh, liostaí ríthe, sioncronachtaí agus ábhair naomhsheanchais maidir leis an Mumhain, i measc eile.[1] Is féidir ar a laghad cuid dá hábhair a athchruthú a bhuí le luanna agus cuir síos níos deireanaí. Is léir trína luanna úd go raibh ardmheas ag scoláirí uirthi, go háirithe a cuid ginealach.[2] D'fhéadfadh é go bhfuil roinnt téacs fós ann, caomhnaithe i lámhscríbhinní atá ar marthain.[3][4]

De réir scoláireacht idir an meánaois agus an lá inniu, meastar go minic gurbh é Cormac mac Cuileannáin (bás 908), easpag agus Rí na Mumhan, a thiomsaigh an saothar. Creidtear fosta ámh, gur scríobhadh í faoi Bhrian Bóramha (bás 1014), rí na Mumhan agus Ard-Rí uaillmhianach na hÉireann, chun a éilimh ríoga a chosaint.

Ba é leabharlann Iarlaí Cill Dara áit aitheanta dheiridh ina raibh an lámhscríbhinn, as ar imigh sí am éigin sna 1630í1640í. Scriosadh agus scaipeadh an leabharlann féin sa bhliain 1642.[5]

  1. Ó Riain, 'Psalter of Cashel', ll. 304–17.
  2. Jaski, Genealogical Section'.
  3. Ó Riain, 'Psalter of Cashel'
  4. Jaski, 'Genealogical section'.
  5. Byrne, 'Earls of Kildare', ll. 133–34.