Jump to content

Mac Giolla Phádraig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Mhic Giolla Phádraig)

Ríthe oidhreachtúla na nOsraí i nÉirinn bás meánaoise na a ea clann Mhic Giolla Phádraig (Meán-Ghaeilge Meic Gilla Pátraic).

Armas Mhic Giolla Phádraig

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear an t-ainm "Giolla Phádraig" sna hannála ag deireadh na 10ú haoise maidir le clann Uí Ímair as Port Láirge, agus is later found elsewhere.[1] Mar thoradh is dócha idirphósta, tharla sé gur glacadh an t-ainm ag rítheaghlach Dhál Birn na nOsraí, agus mar shloinne ag sliochtaigh Ghiolla Phádraig mhic Dhonnchadha a bhí i réim ón mbliain 976 go dtí 996.[2]

Molann roinnt scoláirí go raibh tionchar Lochlannach ar an ainm.[3]

Ríocht ársa Osraí, tuath Mhic Giolla Phádraig.

Sa bhliain 1537, mar chuid den pholasaí géilleadh agus athbhronnadh i réimeas Anraí VIII, ghlac Brian Mac Giolla Phádraig, taoiseach Osraí Uachtaraigh, an sloinne as Béarla FitzPatrick. Feictear go leor dóibh siúd go suntasach i saol polaitiúil Éireannach agus Sasanach.[4][5]

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Jerpoint Abbey was founded by Domnall Mac Gilla Pátraic I (d. 1176) ca. 1160.

Pátrúin na n-ealaíon agus ailtireacht ach go háirithe ba ea ríthe Mhic Giolla Phádraig agus feictear a dtionchar ar fud na nOsraí agus Osraí Uachtaraigh, san áireamh:

Annála agus ginealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caomhnaítear ginealach tábhacht na nOsraí do Dhomhnall mac Donnchadha Mac Giolla Phádraig sa lámhscríbhinn Rawlinson B 502. Rianaítear ann an chlann siar go dtí Óengus Osrithe, a mhair a mheastar sa chéad nó dara haois.[12][13] Téann an ginealach níos faide siar go dtí Naoi (agus chuig Ádhamh sa deireadh, is dócha), ach níl ann is léir ach bréagstair.

Feictear luath-ghinealach na nOsraí eile sa Leabhar Laighneach.[14]

Armas agus mana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is so-aitheanta é an sailtír bhán ar machaire dubh ar gach armas Mhic Giolla Phádraig, i dteannta leis an suaitheantas leoin agus dragain. Ar barr na scéithe, bíonn de ghnáth nó torteaux dubha ar barr bán, nó "méadú na Fraince" le trí fleur-de-lis ar barr gorm, bronntanas ó Henri II do Bhrian Mac Giolla Phádraig, an dara barún, agus é ina ambasadóir ar sin Éadbhaird VI.

Ba é an mana as Laidin a raibh ag Mhic Giolla Phádraig ná Fortis sub Forte Fatiscet, "Géilleann an treis don treise" Ar Gaeilge, feictear "Ceart láidir abú"[15]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Index of Names in Irish Annals: Gilla Pátraic / Giolla Phádraig".
  2. Annála Uladh, AU 996.2
  3. "THE NORSE IN OSSORY: THE NAMING OF GIOLLAPHADRAIG" . 
  4. Index of Names in Irish Annals: Gilla Pátraic / Giolla Phádraig: http://medievalscotland.org/kmo/AnnalsIndex/Masculine/GiollaPhadraig.shtml
  5. D'Alton, John (1d Eanáir 1861). "Illustrations, Historical and Genealogical, of King James's Irish Army List, 1689: 2d Ed." (as en). J.R. Smith. 
  6. "Kings of Osraige". Dáta rochtana: 9ú Aibreán 2016.
  7. Rigg 1889, p. 191.
  8. "AUGHAMACART, or AGHAMACART, a parish". Dáta rochtana: 9ú Aibreán 2016.
  9. Carrigan, William (1d Eanáir 1905). "The history and antiquities of the diocese of Ossory" (as en). Sealy, Bryers & Walker. 
  10. "The Standing Stone: Ballagharahin, Tower House, Co. Laois.". Dáta rochtana: 9ú Aibreán 2016.
  11. "Welcome to Ballaghmore Castle". Dáta rochtana: 9ú Aibreán 2016.
  12. Rawlinson B 502 ar CELT
  13. Digital images of Rawlinson B502 folios from Oxford Bodleian Library: http://image.ox.ac.uk/show?collection=bodleian&manuscript=msrawlb502
  14. Ossorian Tribal Genealogies le Baldwin
  15. "Archived copy". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14ú Márta 2012. Dáta rochtana: 2014-11-01.