Ciarán Saighre
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 mílaois Cléire |
Bás | c. 530 (Féilire Ghréagóra) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart Caitliceach, easpag Caitliceach |
Ball de | |
Ardú | |
Lá féile | 5 Márta |
Teaghlach | |
Athair | Lughaidh agus Liedanie (en) |
Is naomh é Ciarán Saighre (nó Ciarán Saighir, Ciarán mac Luaigne nó Ciarán seanóir,; Laidin: Kyaranus nó Ciaranus Maior). Bhí Ciarán Saighre mar Easpag Éireannach sa 6ú haois.[1]
Is ceann de na Dhá Aspal Déag na hÉireann é. Airítear é mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn sula dtáinig Naomh Pádraig.
Glaoitear Ciarán Saighre chun difir a dhéanamh idir é féin agus Naomh Ciarán Óg as Cluain Mhic Nóis. Tá baint ag an séipéal ársa i Saighir Chiaráin le Naomh Ciarán seanóir.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is i nOileán Chléire i gContae Chorcaí a rugadh Naomh Ciarán Saighre.
Chuaigh Ciarán Saighre go dtí an Mhór-Roinn, áit ar baisteadh é agus inar oirníodh é ina shagart agus ina easpag. Tá sé ráite faoi gur chaith sé 30 bliain sa Róimh ag déanamh staidéar ar na scrioptúir.[3]
D’fhill sé ar Osraí, ceantar dúchais a athar, agus chaith sé seal ina dhíthreabhach ach bhailigh deisceabail timpeall air agus i gceann tamaill bhí mórchlú ar an mainistir sin a bhí i Saighir.
Inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann oilithrigh fós i gcomhair na stáisiún ag Tobar Naomh Ciarán agus ag Sceach agus Cloch Naomh Ciarán ar fhéile Chiaráin (5ú Márta).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Saighir Chiaráin "Seir Kieran", An Cláirín, i gContae Uíbh Fhailí
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Baile". cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-03-05. Dáta rochtana: 2022-03-05.
- ↑ Daragh Smyth (2020-07-06). "Earthing the Myths: The Myths, Legends and Early History of Ireland" (as en). Merrion Press.
- ↑ archaeology.ie. "archaeology.ie". Dáta rochtana: 2022.