Cellach mac Cerbaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCellach mac Cerbaill
Beathaisnéis
Bás908 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe na nOsraí
905 – 908
← Diarmait mac CerbaillDiarmait mac Cerbaill → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteDubhdara (?), Donnchadh mac Cellaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCearbhall mac Dúnlainge
SiblínDiarmait mac Cerbaill agus Eithne ingen Cerbaill

Rí na nOsraí de rítheaghlach Dhál Bhirn ba ea Ceallach mac Cearbhaill (Sean-Ghaeilge Cellach mac Cerbaill). Bhí sé i réim ón mbliain 905 go dtí a bhás sa bhliain 908.[1]

Gaoil ríoga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cearbhall mac Dúnlainge (bás c. 888), iar-rí, ba ea athair Cheallaigh. Bhí sé pósta le EchradMadadún mhic Aodha (rí na nUlad, bás c. 950). Bhí mac acu, Donnchadh (bás c. 976), a bheadh ina rí Osraí in am trátha.[2] Mac Aodha (bás c. 919) mhic Eochagáin mhic Aodha (bás c. 883) ba ea Madadún, athair chéile Cheallaigh.[3] Bhí Eochagán pósta le hInderb ní Mhaoil Dúin de Chineál Eoghain. Bhí Mail Dúin (bás c. 867) agus a athair, Aodh Oirdní mac Néill (bás c. 819), ina ríthe Ailigh.[4][5][6][7][8][9]

Bhí beirt mhac ag Ceallach, Cuileann agus Donnchadh.

Réimeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Ceallach ar an bhfód i gCath Gabhrán sa bhliain 893.[10] Tháinig sé i gcoróin tar éis dá dheartháir níos sine Diarmaid a chur as sa bhliain 905. Maraíodh Ceallach i gCath Mhagh Ailbhe, ag troid ar son an rí-easpaig, Cormac mac Cuileannáin, sa bhliain 908. Mar a insítear i nAnnála Inis Faithlinn:[11]

AI 908.2:Cath Maige Aillbe ré Lagniu & h-Uib Neill for Mumnechu in quo cecidit Cormacc macc Cuilenáin, rí Cassil, & Cellach macc Cerbaill, rí Osraige
Painéal ag bun na Croise Thuaidh i nÁth Eine, Contae Thiobraid Árann (ar theorainn na Mumhan agus na nOsraí) ag léiriú mhórshiúl sochraide, a mheastar gur Cormac mac Cuileannáin atá ann, tar éis an chatha inar maraíodh eisean agus battle Ceallach mac Cearbhaill.[12]

Insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí ámh gur tharla an cath úd ag Bealach Múna sa bhliain 903:[13]

ACM 903.7: Cath Bhealaigh Mughna ria f-Flann mac Maoil Sechlainn, rí Ereann, ... for Corbmac mac Cuilennáin, rí Caisil... At iad na saer-clanna torcratar imaille fris ... Ceallach mac Cearbhaill, tighearna Osraighe

Tar éis a bháis, chuir a gcol ceathrar, an tArdrí Flann Sionna, Diarmaid deartháir Cheallaigh ar ais i gcoróin. Adhlacadh é is dóigh sa reilig i Saighir.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sinsear na clainne meánaoisí, Mhic Giolla Phádraig is ea Ceallach, agus deirtear sa saothar Íoslannach, Landnámabók, ina dtugtar Kjallakur Kjarvalson air, gur sinsear roinnt luath-lonnaitheoirí na tíre é.[14]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The History and Antiquities of the Diocese of Ossory, iml. I (1905), ll. 41-44.
  2. Dobbs, Margaret E. (eag. agus aistr.), “The Banshenchus [part 2]”, Revue Celtique, iml. 48, (1931): lch. 188 (“Echrad ingen Madadain m. Cellaig rig Osraidi, mathair Dondchada m. Aeda ; 7 mathair Muirchertaig (ob. 976) m. Domnaill Ui Neill.”).
  3. Dobbs, Margaret E., “The Banshenchus [part 1]”, Revue Celtique, Vol. 47, (1930) lch. 337 (“Echrad, daughter of Matudan son of Aed, had a lovely colour. She bore Murchertach the impetuous son of Domnall Ua Neill, the fighter in the battle.”).
  4. Kelley, David H. "Descents from the High Kings of Ireland." The American Genealogist. (Eanáir 1978). Iml. 54. ui. 1, ll. 1-5.
  5. Dobbs, Margaret E., “The Banshenchus [part 2]”, Revue Celtique, Vol. 48, (1931), lch. 227 (“Ingean Madadain (ob. 949) m. Aeda .1. Eachrad, mathair Muircertaig (ob. 976) m. Domnaill Arda Mâcha, athair Flaitbertaig in Trostân (ob. 1036).”).
  6. Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  7. Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  8. Byrne, Irish Kings, lch. 284, tábla 5
  9. Ó Corrain, Ireland before the Normans, lch. 180.
  10. ACM 893.11
  11. Annála Inis Faithlinn, AI 908.2
  12. Crawford, Irish Carved Ornament, féach léaráid 150 agus plé ar ll. 73-74.
  13. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 903.7
  14. Landnámabók, lch. 352


Réamhtheachtaí
Diarmait mac Cerbaill
rí Osraí
905-908
Comharba
Diarmait mac Cerbaill