Aislinge Óenguso

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa Rúraíocht, is réamhscéal don Táin Bó Cuailnge é Aisling Aonghasa (Sean-Ghaeilge Aislinge Óenguso). Caomhnaítear é in aon lámhscríbhinn amháin den 15ú haois.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí taibhreamh ag Aonghas, mac Daghdha agus Bóinne, inar chonaic sé spéirbhean. Badhbh na dTuath Dé de chúige Mumhan, agus Ailill mac Máta agus Méabh de chúige Connacht le chéile, chabhraigh siad leis í a aimsiú. Ba í a ghrá chroí ná Caor Iúrmheatha, iníon Eathail Anbhuail as sidhe Uamhan i gConnacht. Ar gach re Samhain, chonacthas Caor agus 150 lucht leanúna i riocht ealaí ar loch in Éirinn. D'athraigh Aonghas é féin ina eala agus bhuail sé lena stór. D'eitil siad beirt chuig sidhe Aonghasa ag Brú na Bóinne, agus d'iompaigh ar ais i riocht daoine daonna. As sin amach, gach re Samhain, ó oíche go ló, rachaidís amach i riocht ealaí. Mar bhuíochas, sholáthair Aonghas do Mhéabh 300 gaiscíoch do chogadh na gConnacht in éadan na nUladh.[1][2]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. lch. 675 ff.
  2. Aisling Aonghasa, Alan mac an Bhaird, CELT