Sucellos
Cineál | dia de chuid na gCeilteach dia an bháis |
---|---|
Comhthéacs | |
Miotaseolaíocht | miotaseolaíocht na gCeilteach |
Dáta | |
Inscne | fireann |
Dia Ceilteach ó thús ba ea Sucellos (/suːˈkɛləs/), léirithe ag iompar caite mór agus olla (nó bairille). D'adhrtaí é ag na Gaill-Rómhánaigh, agus fosta sa Raetia agus sa Bhreatain. Tá sé gaolmhar le talamhaíocht agus fíon, go háirithe i gceantar na n- Aeduorum.[1]
Dealbha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léirítear Sucellos de ghnáth mar fhear féasógach ag caitheamh wolf-skin, le casúr fadchrannach, agus bairille beorach crochta ar cuaille. Feictear scaití a chéile Nantosuelta in éineacht leis. Agus iad le chéile, tá in aice leo siombail rathúnais agus teaghlachas.
Feictear an dís i rilíf mór le rá as Sarrebourg, gar do Metz, Tá Nantosuelta ina seasamh ar chlé, ag caitheamh gúna fhada. Ina láimh chlé aici, tá réad beag tí-cruthach le dhá pholl chiorclacha agus díon stuacach – colmlann b'fhéidir – ar ceann fada. Ina a láimh dheis aici, tá patera agus sí á doirteadh ar altóir sorcóireach. Tá Sucellos féasógach ina sheasamh ar dheis, ag caitheamh ionair le brat thar a ghualainn dheis. Ina láimh dheis aige, tá casúr agus ina láimh chlé tá olla. Ós cionn na bhfíoracha tá inscríbhinn thiomanta agus faoina mbun tá Rilíf íseal d'fhiach dubh . As foirm na litreacha, chuir Reinach, dáta ar an ndealbh idir deireadh na chéad aoise agus tús na dara.Teimpléad:Sfnp
Inscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ar a laghad aon inscríbhinn déag do Sucellus atá ar ar eolas,[2] go formhór as an nGaill. Tá ceann amháin acu (RIB II, 3/2422.21) as Eboracum (Eabhrac an lae inniu) sa Bhreatain.
Aithnítear Sucellus le Silvanus ar inscríbhinn as Augusta Rauricorum (Augst an lae inniu):[3]
- In honor(em)
- d(omus) d(ivinae) deo Su(cellos)
- cello Silv(ano)
- Spart(us) l(ocus) d(atus) d(ecreto) d(ecurionum)
Feictear an sincréiteachas de Sucellus agus Silvanus i saothar ealaíne as Narbonensis.[4]
Gnóthaí agus cúraim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Sucellus gaolmhar le Silvanus na Rómhánach. Cosantóir na gcoillte agus na ngort ba ea é, i dteannta le silvani áitiúla, triúr le gach réadmhaoin: an teach, na goirt agus na teorannacha.[5] Cosnaíonn Silvanus na tréada ar mhic tíre, agus feictear é agus craiceann mhac tire á chaitheamh aige.[6]
Sa Ghaill, aithníodh Silvanus le Sucellus agus a casúr agus babhla aige. Tá sé míolta gur le haghaidh foirgníochta agus tógáil claíocha, ach ní léir seo.[7][8] Molann Green gur dia chthonic é Sucellus, ag cisaint an teorainn idir na daoine beo agus na marbh.[9]
Sanas
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhéadfadh é go bhfuil brí ’buailteoir’ leis an bhfréamh Gaillise cellos, é féin fréamhaithe ón Próit-Ind-Eorpach *-kel-do-s, as a thagann fosta an Laidin per-cellere, an Ghréigis klao ('bris') agus an Liotuáinis kálti ('gaibhnigh').Teimpléad:Sfnp Tá brú 'maith' leis an réimír su-, a fheictear i n-ainmneacha pearsanta na nGallach.Teimpléad:Sfnp Aistrítear Sucellus go minic sa bharr mar 'an buailteoir maith.'
Moltar sanas eile ag Blanca María Prósper, as an bhfréamh derivative of the Próit-Ind-Eorpach *kel- ‘cosain’, .i. *su-kel-mó(n) "le dea-chosaint", nó an fhoirm ghníomhaíoch *su-kel-mṇ- (tharlódh ansin simpliú agus comhshamhlú carn sondach). Dar le Prósper, bheadh gaol ann idir é agus an t-ainm Indice Suśarman-.[10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Delamarre, Xavier (2003). "Dictionnaire de la Langue Gauloise". Páras: Éditions Errance.
- "À la rencontre des Dieux gaulois, un défi à César" (1998). Paris: Réunion des Musées Nationaux.
- Duval, Paul-Marie (1993). "Les dieux de la Gaule". Paris: Presses Universitaires de France / Éditions Payot.
- Heichelheim F. M., Housman J. E. "Sucellus and Nantosuelta in Mediaeval Celtic Mythology". In: L'antiquité classique, Tome 17, fasc. 1, 1948. Miscellanea Philologica Historica et archaelogia in honorem Hvberti Van De Weerd, ll. 305–316. [DOI: https://doi.org/10.3406/antiq.1948.2845] www.persee.fr/doc/antiq_0770-2817_1948_num_17_1_2845
- "Répertoire des dieux gaulois" (2001). Páras: Éditions Errance.
- Reinach, Salomon (1922). "Cultes, mythes et religions". Páras E. Leroux.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Miranda Green (2003). "Symbol and Image in Celtic Religious Art". Routledge.
- ↑ Jufer & Luginbühl 2001, p. 63.
- ↑ AE (1926), 00040
- ↑ Duval 1993, p. 78.
- ↑ Hyginus. "De limitibus constituendi, preface".
- ↑ "Virgil, Æneid VIII.600-1; Nonnus II.324; Cato the Elder, De re rusticâ 83; Tibullus, I.v.27" .
- ↑ Smith, William. "A Dictionary of Greek and Roman biography and mythology. (1867)".
- ↑ "Deo Sucello Silvano".[nasc briste go buan]
- ↑ Aldhouse-Green, Miranda J. (2011). "The gods of the Celts". Stroud, Gloucestershire: The History Press. OCLC 797966528.
- ↑ Prósper, Blanca María (2015). "Celtic and Non-Celtic Divinities from Ancient Hispania: Power, Daylight, Fertility, Water @Spirits and What They Can Tell Us about Indo-European Morphology". The Journal of Indo-European Studies 43: 35–36.