Jump to content

Sucellos

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarSucellos

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldia de chuid na gCeilteach
dia an bháis Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Miotaseolaíochtmiotaseolaíocht na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Deilbh is luaite den dia Sucellus (c. 1d aois AD). Fuarthas é i scrín tí Rómhánaigh (lararium). Walters Art Museum, Baltimore.

Dia Ceilteach ó thús ba ea Sucellos (/sˈkɛləs/), léirithe ag iompar caite mór agus olla (nó bairille). D'adhrtaí é ag na Gaill-Rómhánaigh, agus fosta sa Raetia agus sa Bhreatain. Tá sé gaolmhar le talamhaíocht agus fíon, go háirithe i gceantar na n- Aeduorum.[1]

Rilíf de Nantosuelta agus Sucellos as Sarrebourg, Museums of Metz.

Léirítear Sucellos de ghnáth mar fhear féasógach ag caitheamh wolf-skin, le casúr fadchrannach, agus bairille beorach crochta ar cuaille. Feictear scaití a chéile Nantosuelta in éineacht leis. Agus iad le chéile, tá in aice leo siombail rathúnais agus teaghlachas.

Feictear an dís i rilíf mór le rá as Sarrebourg, gar do Metz, Tá Nantosuelta ina seasamh ar chlé, ag caitheamh gúna fhada. Ina láimh chlé aici, tá réad beag tí-cruthach le dhá pholl chiorclacha agus díon stuacach – colmlann b'fhéidir – ar ceann fada. Ina a láimh dheis aici, tá patera agus sí á doirteadh ar altóir sorcóireach. Tá Sucellos féasógach ina sheasamh ar dheis, ag caitheamh ionair le brat thar a ghualainn dheis. Ina láimh dheis aige, tá casúr agus ina láimh chlé tá olla. Ós cionn na bhfíoracha tá inscríbhinn thiomanta agus faoina mbun tá Rilíf íseal d'fhiach dubh . As foirm na litreacha, chuir Reinach, dáta ar an ndealbh idir deireadh na chéad aoise agus tús na dara.Teimpléad:Sfnp

Inscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ar a laghad aon inscríbhinn déag do Sucellus atá ar ar eolas,[2] go formhór as an nGaill. Tá ceann amháin acu (RIB II, 3/2422.21) as Eboracum (Eabhrac an lae inniu) sa Bhreatain.

Aithnítear Sucellus le Silvanus ar inscríbhinn as Augusta Rauricorum (Augst an lae inniu):[3]

In honor(em)
d(omus) d(ivinae) deo Su(cellos)
cello Silv(ano)
Spart(us) l(ocus) d(atus) d(ecreto) d(ecurionum)

Feictear an sincréiteachas de Sucellus agus Silvanus i saothar ealaíne as Narbonensis.[4]

Gnóthaí agus cúraim

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Sucellus gaolmhar le Silvanus na Rómhánach. Cosantóir na gcoillte agus na ngort ba ea é, i dteannta le silvani áitiúla, triúr le gach réadmhaoin: an teach, na goirt agus na teorannacha.[5] Cosnaíonn Silvanus na tréada ar mhic tíre, agus feictear é agus craiceann mhac tire á chaitheamh aige.[6]

Sa Ghaill, aithníodh Silvanus le Sucellus agus a casúr agus babhla aige. Tá sé míolta gur le haghaidh foirgníochta agus tógáil claíocha, ach ní léir seo.[7][8] Molann Green gur dia chthonic é Sucellus, ag cisaint an teorainn idir na daoine beo agus na marbh.[9]

Dealbh chré-umha de Sucellus as Vienne.

D'fhéadfadh é go bhfuil brí ’buailteoir’ leis an bhfréamh Gaillise cellos, é féin fréamhaithe ón Próit-Ind-Eorpach *-kel-do-s, as a thagann fosta an Laidin per-cellere, an Ghréigis klao ('bris') agus an Liotuáinis kálti ('gaibhnigh').Teimpléad:Sfnp Tá brú 'maith' leis an réimír su-, a fheictear i n-ainmneacha pearsanta na nGallach.Teimpléad:Sfnp Aistrítear Sucellus go minic sa bharr mar 'an buailteoir maith.'

Moltar sanas eile ag Blanca María Prósper, as an bhfréamh derivative of the Próit-Ind-Eorpach *kel- ‘cosain’, .i. *su-kel-mó(n) "le dea-chosaint", nó an fhoirm ghníomhaíoch *su-kel-mṇ- (tharlódh ansin simpliú agus comhshamhlú carn sondach). Dar le Prósper, bheadh gaol ann idir é agus an t-ainm Indice Suśarman-.[10]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Delamarre, Xavier (2003). "Dictionnaire de la Langue Gauloise". Páras: Éditions Errance. 
  • "À la rencontre des Dieux gaulois, un défi à César" (1998). Paris: Réunion des Musées Nationaux. 
  • Duval, Paul-Marie (1993). "Les dieux de la Gaule". Paris: Presses Universitaires de France / Éditions Payot. 
  • Heichelheim F. M., Housman J. E. "Sucellus and Nantosuelta in Mediaeval Celtic Mythology". In: L'antiquité classique, Tome 17, fasc. 1, 1948. Miscellanea Philologica Historica et archaelogia in honorem Hvberti Van De Weerd, ll. 305–316. [DOI: https://doi.org/10.3406/antiq.1948.2845] www.persee.fr/doc/antiq_0770-2817_1948_num_17_1_2845
  • "Répertoire des dieux gaulois" (2001). Páras: Éditions Errance. 
  • Reinach, Salomon (1922). "Cultes, mythes et religions". Páras E. Leroux. 
  1. Miranda Green (2003). "Symbol and Image in Celtic Religious Art". Routledge. 
  2. Jufer & Luginbühl 2001, p. 63.
  3. AE (1926), 00040
  4. Duval 1993, p. 78.
  5. Hyginus. "De limitibus constituendi, preface". 
  6. "Virgil, Æneid VIII.600-1; Nonnus II.324; Cato the Elder, De re rusticâ 83; Tibullus, I.v.27" . 
  7. Smith, William. "A Dictionary of Greek and Roman biography and mythology. (1867)". 
  8. "Deo Sucello Silvano".[nasc briste go buan]
  9. Aldhouse-Green, Miranda J. (2011). "The gods of the Celts". Stroud, Gloucestershire: The History Press. OCLC 797966528. 
  10. Prósper, Blanca María (2015). "Celtic and Non-Celtic Divinities from Ancient Hispania: Power, Daylight, Fertility, Water @Spirits and What They Can Tell Us about Indo-European Morphology". The Journal of Indo-European Studies 43: 35–36.