Cros Bhríde

Is beag duine in Éirinn nach bhfaca ceann de na crosa beaga gleoite a dhéantar as giolcacha (luachair), ar a dtugtar Bogha Bhríde, Cros Bhríde, nó crosóg Bhríde.[1][2].[3][4]

Is ar Lá Fhéile Bríde a dhéantar iad de ghnáth. Crochtar sa teach iad chun muintir an tí a chosaint ó thinte agus ó olc. Creidtear go gcosnóidh an chros seo muintir an tí go ceann bliana má chrochtar os cionn an dorais í[5]
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ceaptar go dtéann nós na gcros siar go dtí an tréimhse réamh-Chríostaí sa tír. Tá crosa de shaghsanna éagsúla le feiceáil ar seanchlocha timpeall na tíre.[6]

Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar Oiche Bhríde, d’fhágadh na brídeoga bearta luachra nó bearta tuí lasmuigh de na doirse. Ag titim na hoíche, bhailíodh cailíní óga iad agus, tar éis cead isteach sa teach a fháil in ainm Bhríde, théidís isteach agus dhéanaidís Crosa Bhríde. Chuirtí na crosa nua sa díon agus os cionn an dorais chun an teach a chosaint ó thine agus ó gach olc agus dhóití na sean chinn.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Lá Fhéile Bríde
- Bríd na Briotáine
- Brigit (bandia págánach)
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ peig.ie (2023). "Lá Fhéile Bríde 🌱 Imbolc 🐮 Tús an Earraigh | Gaeloideachas". gaeloideachas.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.
- ↑ "LÁ FHÉILE BRÍDE: Cén chaoi le cros Bhríde a dhéanamh agus eolas eile…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.
- ↑ forasnagaeilge.ie. "Conas cros a dhéanamh (pptx do leanaí)". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Dúlra Chorca Dhuibhne (2021). "Foghlaim conas Cros Bhríde a dhéanamh!" (as ga).
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2017). "Ó DHÚCHAS… ‘Deir siad go mbíonn beannacht Bhríde ar an teach ina gcoimeádtar an chros’ – Dúchas.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
- ↑ Maidineacha caife (Feabhra 2018). "An Taobh ó Thuaidh". Dáta rochtana: 2023.