Leabharcham

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLeabharcham
Cineálcarachtar miotasach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Cruinnemiotaseolaíocht na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathabuime Cuir in eagar ar Wikidata
Deirdre agus a buime, Leabharcham

Sa Rúraíocht, ba bhean saoi agus buime Dheirdre í Leabharcham d'Eamhain Mhacha.

Deirdre agus Naoise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leag Conchúr mac Neasa uirthi cúram a dhéanamh ar Dheirdre, í a thógáil agus a oiliúint scoite amach ó dhaoine, go dtí go raibh an cailín ina haois é a phósadh. Thairngir an draoi Cathbhadh ag breith Dheirdre: " Éireoidh an leanbh ina cailín is áille i measc mná na hÉireann, agus phósfaidh sí rí, ach tiocfaidh bás agus scrios ar chuige Uladh ar a son."[1]

Nuair a tháinig an t-ionú chun Deirdre an rí a phósadh, thug Leabharcham go humhal a iníon altrama ar ais go Conchúr ag Eamhain Mhacha. Agus í ann, d'fhiafraigh Deirdre den fhile na cúirte, gaiscíoch óg dathúil a aithint, "a chuid gruaige ar nós sciathán an fhiaigh dhuibh, lí fhola ar a leiceann agus a chraiceann chomh bán le sneachta".[2] Ba é sin Naoise, sealgaire agus amhránaí ag cúirt Chonchúir, agus in éineacht leis agus a bheirt dheartháireacha, d'éalaigh Deirdre go hAlbain.

Blianta ina dhiaidh sin, bualadh bob air na leannáin teacht abhaile go hÉirinn. Chuir Conchúr Leabharcham faoi choinne, chun a fhiosrú arbh í Deirdre fós an bhean is áille na tíre. Ag iarraidh Deirdre a chosaint, agus an seanrí searbh a chuir in éadan díoltas a bhaint ar Naoise, thuairisc Leabharcham go raibh meath tar éis teacht ar a háilleacht. Sheol an rí spiaire eile, ámh, agus ansin thosaigh cath. Fuair Naoise agus a bheirt dheartháireacha bás go tragóideach i rith an chogaidh, agus d'fhuadaigh an rí Deirdre, a mharaigh í féin, croíbhriste.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a hainm fréamhaithe ó leabhar agus cam. Mínítear an t-ainm scaití mar "leabhar mímhacánta", b'fhéidir de bharr an bréag a dúirt sí leis an rí maidir le meath áilleachta Dheirdre. Faightear an dara focal ámh mar leasainm ag cur síos ar iompar an choirp.[3]

Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sí ann mar "Lavarcham" sa dráma 1910 le Synge, Deirdre of the Sorrows. Deir sí líne dheireanach an dráma: "Deirdre is dead, and Naisi is dead; and if the oaks and stars could die for sorrow, it's a dark sky and a hard and naked earth we'd have this night in Emain."[4]

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ellis 1987, lch. 115.
  2. Ellis 1987, lch. 80.
  3. "Descriptive by-names found in women's names in the Irish annals", MedievalScotland.org, alt le Kathleen M. O'Brien)
  4. Consolatio Lavarcham's last words