Baile in Scáil
Is cuid de Scéalaíocht na Ríthe i Miotaseolaíocht na nGael é Buile an Scáil (Sean-Ghaeilge Baile in Scáil), scríofa is amhlaidh san 11ú haois. Caomhnaítear é in dhá lámhscríbhinn den 15ú agus 16ú haois.
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shiúil Conn trí thimpiste ar an lia agus é ar mhúir chosanta na Teamhrach. Chuir sé seo le fios go raibh an lia clúdaithe ó ré Chú Chulainn. Chuir draoi brí an lia in iúl, agus dúirt gurbh ionann líon búireanna an lia agus líon na ríthe a leanfadh Conn. D'éirigh ceo draíochta agus tháinig marcach chucu, a chaith trí gha i dtreo Choinn. D'iarr sé ansin ar Chonn agus ar an ndraoi dul ina theannta chuig a thigh suite ar mhaigh agus crann óir in aice leis. Chuadar isteach, agus thug bean le coróin óir ar a cionn fáilte rompu. Chonaic siad i dtosach báire dabhach airgid, fáiscthe le fonsaí óir, lán de leann rua, agus cuach agus spúnóg freastail óir. Chonaiceadar scál ansin, fear ard galánta, ina shuí ar ríchathaoir, a deir gur Lugh é féin. Ba cheannas na hÉireann í an bhean, agus chuir sí béile ar an mbord do Chonn agus ann easna daimh ceithre throigh is fiche ar fad, agus easna toirc. Nuair a chuir sí na deochanna ar an mbord, d'fhiafraigh sí díobh "Cé acu a dtabharfaí an cuach seo?", agus d'aithris Lugh dán a d'inis do Chonn líon blianta a réime, agus ainmneacha na ríthe a leanfas é. Chuaigh siad faoi scáth Lugh isteach, agus d'imigh an teach as amharc, ach d'fhan an cuach agus an spúnóg freastail.[1][2]
Luann Helmut Birkhan taighdeoirí (m.s. J. Weisweiler, M. Dillon), a rinne iarracht nasc teangeolaíochta a chruthú idir laith (leann) agus flaith.[3]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
- Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (= Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- James MacKillop: A Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 2004.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Baile in Scáil: the Phantom's Frenzy", Miles Dillon (eag. & aistr.), The Cycle of the Kings, Oxford University Press, 1946
- ↑ Cycles of the Kings Web Project Curtha i gcartlann 2008-12-27 ar an Wayback Machine: Baile in Scáil Curtha i gcartlann 2008-05-07 ar an Wayback Machine "Baile in Scáil". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 Bealtaine 2008. Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2019.
- ↑ Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 532, cuid. 3, lch. 777.