Fuamnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sa seanscéal Tochmarc Étaíne, ba chéad bhean chéile Mhidhire í Fuamnach (Sean-Ghaeilge Fúamnach) agus bandraoi (nó cailleach feasa) na Tuath Dé Danann.

Deirtear sa téacs gurbh í gaoth[1] (gáeth; sa bhrí liteartha éirimiúil), treabhar[2] (trebar; focal liteartha de bhrí críonna, nó folláin) agus "lánoilte ar eolas agus achmhainn na dTuath Dé Danann", ag cur le fios gurbh é an draoi Bresal Etarlám a hathair altrama.[3] Deirtear gur de shliocht clainne Béothach mhic Iardanél í. Is amhlaidh gurbh ionann é siúd agus Béothach mac Iarbonel, athair na dTúath Dé Danann in Leabhar Gabhála na hÉireann.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a thit Midir i ngrá le hÉadaoin agus a phós sé í, tháinig éad ar Fhuamnach agus chuir sí faoi dhraíocht í chomh luath is a tháinig an leannán i mbrú Mhidhire i mBrí Léith:

  • Chuir sí fáilte roimh an leanán chur sí Éadaoin chun suite i lár an tí. Ansin ámh, bhuail sí í lena slat chaorthainn dheirg, ag athrú a céile comhraic i riocht linn uisce. In am trátha, d' athraigh Éadaoin ó linn go péist go cuil corcra álainn, agus chuaigh sí Midhir éineacht le Midhir arís.
  • Agus í ar cuairt ar Mjidhir (i dteannta le Lugh, An Dagda agus Oghma), d'fhógair Fuamnach go gcuirfeadh sí an ruaig ar Éadaoin. Chuir sí ortha uirthi a d'fhoghlaim sí óna hathair altrama, Bresal: mhúscail sí gaoth mhór a shéid Éadaoin tríd an aer ar feadh seacht mbliana. Tar éis sin, tháinig sí ar ais go hAonghas (Mac Óc) sa Bhrú. Coinnigh seisean go grámhar slán í i ngrianán saindeartha.
  • Nuair a fuair sí amach céard a tharla d'Éadaoin, bhuail Fuamnach bob ar Mhac Óc teacht go Brí Léith, ar an gcúinse go raibh síocháin uaithi. Agus Mac Óc ar an slí ámh, chuaigh Fuamnach go dtí an brú ar bhealach eile, agus mhúscail sí gaoth mhór eile a shéid Éadaoin ar fhánaíocht ar feadh seacht mbliana ar leith, gan chos a leagan ar talamh. Faoi dheara, tháinig Éadaoin go teach i gcúige Uladh, agus thit i gcupán bhean chéile (gan ainm) an ghaisce, Éadar. D'ól sise a deoch, shlog sí Éadaoin agus in am trátha, thug sí Éadaoin go míorúilteach ar ais ar an saol mar a hiníon féin.

Níor mhair Fúamnach chun luach a saothair a fheiceáil. Nuair a bhuail Mac Óc le Midhir ag Brí Léith, fuair sé amach séard a mheall Fuamnach air. Chuaigh Mac Óc ar lorg Fhuamnaí go teach a hathar altrama, Bresal, bhain ann a ceann di agus thóg ar ais go dtí an brú é mar chorn cogaidh.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhéadadh é go bhfuil an t-ainm Fúamnach fréamhaithe ón bhfocal fuaim[4] Mar shampla a lua, insítear sa dán an dinnseanchais faoin An Nás: fáidiud find-gel fúamnach Fáil ("the lamentation of the fair-skinned vocal mná Fáil").[5] Léirítear an fhoirm fúaimnech mar ainm d'iníon Conn Céadchathach, Fúaimnech, who appears in the legal tract Mellbretha.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. gaoth3 ar teanglann.ie, FGB.
  2. treabhar ar teanglann.ie, FGB.
  3. Gantz, Early Irish Myths and Sagas, ll. 44-5. Thug Aongus rabhadh do Mhidhir gurbh í "bean de asarlaíocht millteanach, bean de gach eolas agus cumas agus cumhacht a muintir", lch. 44.
  4. fúaimm ar eDIL.
  5. E.J. Gwynn (eag. agus aistr.), The Metrical Dindsenchas. Vol. 3, ll. 48-53.
  6. CIH 1589, 1-48 agus 1338.5-1341.7, aistr. William Sayers, "Games, Sport and Para-Military Exercise in Early Ireland." Aethlon: The Journal of Sport Literature 10 (1992), ll. 105-23.