Daghdha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Dagda)
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, duine de phríomhlaochra na dTuath Dé Danann é (An) Daghdha (Dea-dhia) nó Eochaid Ollathair (Sean-Ghaeilge In Dagda), léirithe mar shamhail d'athair, rí agus draoi.[1][2][3] Tá gaol ar leith a aige le torthúlacht, talamhaíocht, fearúlacht agus neart, chomh maith le draíocht agus eagna.[1][2][4][5] Tá smacht nó tionchar aige ar bheatha agus bás, aimsir agus barra, am agus na séasúir.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear go bhfuil an t-ainm Dagda fréamhaithe ón bPrótai-Cheiltos *Dagodeiwos, "an dia maith" or "an dia mór".[6] Ar deireadh d'fhéadfadh é go bhfuil an t-ainmfréamhaithe ón bPrótai-Ind-Eorpais *Dhagho-deiwos, "lonrach-diagacht".[7] Tá an chéad chuid gaolta le "day"[8] as Béarla, agus focal b'fhéidir rianaíonn an smaoineamh "breáthacht". Thiocfadh an sanasaíocht leis an nasc atá ag an Dagda leis an ngréin agus an domhan, le ríogacht agus feabhas. Thiocfadh *Dhago-deiwos isteach san Phrótai-Ceiltis mar *Dago-deiwos, imeartas focal más ea le *dago-s, Sean-Ghaeilge dag, deg-, Nua-Ghaeilge dea-.[9] Is foirm scioptha den fhocal "dia" a bhí in "da" na SeanGhaeilge.

Bua-ainmneacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí roinnt ainmneacha agus buafhocal ag an Daghda a léiríonn a shaintréithe.[10]

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Insítear go minic gur fear nó fathach mór féasógach a bhí ann,[4] ag caitheamh bhrat cochaill.[20] De réir Leabhar Gabhála na hÉireann (an príomhfhoinse atá againn ar imeachtaí na dTuatha Dé Danann), bhí goile iontach mór ar Dhaghdha. In eachtra amháin, d'ith sé a oiread sin anlainn ag tigh na bhFomhórach nach bhféadfadh a bhratt a thóin a chlúdach.

Sna scéalta, deirtear gur phearsa ollchumhacht ab ea é. In ainneoin sin, deirtear scaití gur dhallarán é, gáirsiúil, barrúil fiú, ag caitheamh ionar gearr garbh a chlúdaigh ar éigean a thóin, ag tarraingt a bhoid mhóir ar an talamh.[21] Meastar gur chuir scríobhaithe Críostaí na tréithe seo, le haghaidh an ghrinn. Tá an cur síos sa Chóir Anmann Meán-Ghaeilge níos ómósaí: "He was a beautiful god of the heathens, for the Tuatha Dé Danann worshipped him: for he was an earth-god to them because of the greatness of his (magical) power."[22]

Déithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó thús, d'fhéadfadh é gur leagan den Daghda é Donn, dia an bháis agus na sinsearachta,[23] (aitheanta scaití mar Daghda Donn). Tá cosúlachtaí ann chomh maith idir é agus dia an fhómhair, Crom Dubh.[24] Ba é an Dagda a sinsear dar le roinnt treibheanna a ainmníodh as, amhail is an chlann Uí Eachach (Iveagh) agus na Dáirine.

Is amhlaidh go bhfuil gaol ann idir a dheartháir Oghma agus dia na nGallach, Ogmios, léirithe mar seanfhear agus cleith aige, agus ar cheann the closest Gaulish parallels to the Daghda. Is é Sucellus, an buailteoir, léirithe le casúr agus cuach, dia na nGallach eile a cheaptar go bhfuil gaol aige leis an Daghda.

Samhlaíodh an Dagda le dia na Lochlannach, Odin,[1] agus dia na Rómhánach, Dis Pater (Jupiter).[4]

Teaghlach agus caidrimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ealatha mac Dealbaoithe, Fomhórach, ab ea athair an Daghda.[25] Ní ainmnítear a mháthair, agus dá bharr is leath-Fhomhórach é ar a laghad.

Deirtear go raibh beirt dheartháireacha aige, Nuada Aigéadlámh agus Oghma, ach is amhlaidh gur léiriú é seo de nós na dtrédéithe.[4] I bhfoinsí eile, níl ach Oghma ann mar dheartháir dó, an bheirt dheartháireacha. [26]

Mór-Ríoghain ab ea bean chéile an Daghda; glaotar "an bhean chéile éadmhar" uirthi.[4][27] Bhí iníon acu, an bandia Brigit.[26] Ba í Bóinn a leannán, cé go raibh sí pósta le hEalcmhar.[28] Um a gcaidreamh a cheilt, Dagda made the sun stand still ar chuir Daghda an ghrian ina stad ar feadh naoi mí, agus de thoradh sin, gineadh, iompraíodh agus rugadh Aengus lastigh d'aon lá amháin.[29]

I dteannta le hAengus, bhí i measc a pháistí Brigit, Bodhbh Dearg, Cermait, Midhir, Áine agus Áed.[1] Sa Dindsenchas, déanann an Dagda d'Áine cliabh cipín a ligeadh leis an lagtrá agus a nach ligeadh leis an lántrá.[30]

Áiteanna agus earraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear go raibh cónaí ar an Daghda i mBrú na Bóinne. I measc áiteanna eile gcúlra leis nó ainmnithe as, tá Cnoc Uisnigh, Grianán Ailigh, agus Loch nEathach.

Bhí bachall draíochta aige, an lorg anfaid[31] (nó mór), a mharaíodh leis an gcionn, ach athbheodh leis an gcois. Bhí coire ar leith aige, an Coire ainsic, nach bhfolmhaíodh riamh, a shásaíodh goile chách, agus a raibh liach chomh mór sin aige gurbh fhéidir beirt dul lastigh ann.[32] Bhí cláirseach aige, Uaithne, a chur na séasúir in ord agus an Daghda á seinm. Insítear i bhfoinsí eile go mbíodh sí i gceannas ar cath.[33] Bhí crainn torthaí síor-iompartha aige, agus dhá mhuc, ceann acu ag fás go síoraí, an ceann eile ag róstadh go síoraí.

Seanscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh an Dara Cath Maighe Tuireadh, thóg an Daghda dún Bhreas (dá bharr, Dún Breise) agus chuir ríthe na bhFomhórach, Ealatha, Indech and Teathra ráthanna a thógáil dóibh féin ráthanna.[26] Nuair a d'fhiafraigh Lugh den Daghda cén chumhacht a mbeadh aige in éadan na bhFomhórach, thug sé mar fhreagra:[26]

Sean-Ghaeilge[34] Nua-Ghaeilge[35]

Dugensa leath fria feraib Erenn etir caemslecht & admilliud & amaidichtai.[36] Bud lir bommonn egai[37] fua cosaib gregai[38] a cnaimreth fum luirg...

Déanfaidh mise leath d'fhir na hÉireann idir chomhshleachtadh agus ollmhilleadh agus asarlaíocht. Is iomaí bomanna oighir faoi chosa graíonna a bheidh a gcnámha faoi mo lorg...

Díreach roimh an gcath, ar an Samhain, luigh sé le Mór-Ríoghain, bandia an chatha, mar chúiteamh ar phlean catha.[21][39]

Príomhalt: Aislinge Óenguso

In Aislinge Óenguso, thug an Daghda i dteannta le Bóinn, cabhair d'Aengus ar tóir a stóir.[40]

Agus Aengus ar shiúl[41], roinnigh an Daghda a chuid tailte ar a chlann, agus fágadh tada d'Aonghas. D'iarr Aonghas dá athair arbh fhéidir leis cur faoi i mBrú na Bóinne ar feadh "lae agus oíche", agus thoiligh an Daghda. Ní hé "lá amháin" a bhí i gceist ag Aengus, agus dá réir sin, ghlac sé seilbh ar Bhrú na Bóinne go síoraí. In Tochmharc Éadaoine, ámh, is é an Daghda a chabhraíonn Aengus um Bhrú na Bóinne a bhaint d'Ealcmhar leis an gcleas céanna.[40]

Príomhalt: Dinnseanchas

I ndán maidir le Maigh Muirtheimhne, chuid an Daghda an ruaig ar octopas lena lorg anfa, agus ar sé: "Taí do chenn cúasachtach.[42] Taí do chorp císachtach. Toí do thul toghuidhe. Báig thúaigh" ("Cas do cheann cuasach. Cas do chorp salach. Cas d'éadan ionsúiteach. Imigh leat!"). Chuaigh an mhuir i dtrá in éineacht leis an ainmhí, agus fágadh Maigh Muirtheimhne ina diaidh.[43]

I ndúan an Dindsenchais, Aileach, insítear gurbh é "Dagda daith,[44] ba deog de neim, flaith for fleid fodla[45] co fuin" ("Daghda mear, le deoch de nimh, flaith fodhla na fleidhe go tráthnóna"). Insítear gur trí na hÉireann é, le hiliomad giall, flaith fial seang, gur chú faoil é, agus gurbh iad Cermait, Aengus, agus Áed a mhic.[46]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an Daghda i réim mar rí na dTuath Dé Danann ar feadh seachtó nó ochtó bliain (ag braith ar fhoinse), sula bhfuair sé bás i mBrú na Bóinne, ag éag sa deireadh de chneá a thug Cethlenn dó i rith an dara Cath Maighe Tuireadh.[47]

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bergin, Osborn (1927). "How the Dagda Got his Magic Staff": 399–406. Retrieved on 2010-03-10. 
  • Sayers, William (1988). "Cerrce, an Archaic Epithet of the Dagda, Cernnunos, and Conall Cernach". The Journal of Indo-European Studies 16: 341–64. 

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Koch, John T. Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. ABC-CLIO, 2006, ll. 553-554
  2. 2.0 2.1 2.2 An Dagda. Mary Jones's Celtic Encyclopedia.
  3. The Irish Version of the Historia Britonum Nennius, "Of the Conquest of Eri as Recorded by Nennius" Historia 8
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 Ó hÓgáin, Dáithí. Myth, Legend & Romance: An encyclopaedia of the Irish folk tradition. Prentice Hall Press, 1991, ll. 145-147
  5. 5.0 5.1 Monaghan, Patricia. The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. Infobase Publishing, 2004, ll. 113-114
  6. Scott, Martin A (April 2008). "The Names of the Dagda". Retrieved on 3 August 2019. 
  7. Dagda ar en.wiktionary
  8. day ar en.wiktionary
  9. dea- ar en.wiktionary
  10. Ó hÓgáin, lch. 245
  11. Koch, ll. 553, 1632
  12. ruadh (b) ar eDIL
  13. Maier, Bernhard. Dictionary of Celtic Religion and Culture. Boydell & Brewer, 1997, lch. 90
  14. Dáire ar eDIL
  15. áed ar eDIL
  16. Berresford Ellis, Peter. The Druids. W.B. Eerdmans Publishing, 1994, lch. 123
  17. Smyth, Daragh. A Guide to Irish Mythology. Irish Academic Press, 1996, lch. 15
  18. Monaghan, lch. 83
  19. Monaghan, lch. 144
  20. 20.0 20.1 Ward, Alan (2011). The Myths of the Gods: Structures in Irish Mythology, ll. 9-10
  21. 21.0 21.1 Cath Maighe Tuireadh. Trans. Elizabeth A. Gray.
  22. Cóir Anmann. [1] Teimpléad:Webarchive
  23. Ó hÓgáin, ll. 165-166
  24. MacNeill, Máire. The Festival of Lughnasa: A Study of the Survival of the Celtic Festival of the Beginning of Harvest. Oxford University Press, 1962, lch. 416
  25. Borlase, William Copeland (1897). "The Dolmens of Ireland". Indiana University: Chapman and Hall. Retrieved on 6 August 2019. 
  26. 26.0 26.1 26.2 26.3 "The Second Battle of Moytura".
  27. The Metrical Dindsenchas, "Odras", Dán 49
  28. https://thenewpagan.wordpress.com/2013/10/31/the-dagda-father-of-all/
  29. "The Dagda, the Father God of Ireland". ThoughtCo.
  30. Dindsenchas "Fid n-Gaible"
  31. 2 lorg ar eDIL
  32. https://www.thoughtco.com/the-dagda-father-god-of-ireland-2561706
  33. "Celtic Myths".
  34. Leabhar Gabhála na hÉireann, lch. 49, sa Leabhar Laighneach ar CELT
  35. Á aistriú sách focal ar fhocal ón tSean-Ghaeilge ag Marcas, le béim ar na hainmhithe: damh, seabhac, torc, bradán
  36. ammait ar eDIL
  37. aig ar eDIL
  38. graig ar eDIL
  39. https://www.britannica.com/topic/Dagda
  40. 40.0 40.1 Tochmarc Étaíne. Corpus of Electronic Texts
  41. ar shiúl, nó roimh a bhreith, cf Aengus
  42. cúasachtach ar eDIL
  43. An Dinnseanchas Aoi, Mag Muirthemne, Dán 99. Corpus of Electronic Texts.
  44. daith ar eDIL
  45. fodail
  46. An Dinnseanchas Aoi, Dán 22, "Ailech I"
  47. Leabhar Gabhála na hÉireann.


Roimh
Lugh
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1830-1750 RC
FFE 1407-1337 RC
Tar Éis
Dealbhaodh