Muireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, máthair Fhionn mhic Chumhaill ab ea Muireann Muinchaomh (Sean-Ghaeilge Muirenn Muincháem[1][2]).

Bhí a lán suiríoch aici, ach bhí tuar feicthe ag a hathair, an draoi Tadg mac Nuadat, go gcaillfeadh sé a theach ar chnoc Almha dá bpósfadh sí, mar sin, dhiúltaigh sé iad cách. Ach d'fhuadaigh duine dóibh, Cumhall, í. Rinne Tadhg achainí ar Ard-Rí na hÉireann, Conn Cétchathach, a d'eisreachtaigh Cumhall agus chuaigh ar a thóir.

Maraíodh Cumhall sa Chath Cnucha, ach bhí Muireann torrach cheana féin, agus dhiúltaigh a hathair dá bharr, agus d'inis sé dá lucht leanúna ía dhó. Chuir Conn bac ar seo, agus sheol sé Muireann mar iníon altrama go Fiacal mac Conchinn agus a bhean chéile wife, an bandraoi Bodhmall, deirfiúr Chumhaill. Rugadh mac di, a thug sí an t-ainm Deimne dó, nó Fionn mar a raibh aithne níos cáiliúla air.

D'fhág Muireann an buachaill faoi chúram Bhodhmaill agus an banghaiscí Liath Luachra, a thóg faoi rún é sa choill ar Shliabh Bladhma. Phós sí an rí áitiúil, Gleor Lámderg, in am trátha, agus chonaic sí a mac ach uair amháin eile, á chuairt sa choill.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • T. P. Cross & C. H. Slover (eag) (1936), Ancient Irish Tales
  • James MacKillop (1998). Dictionary of Celtic Mythology. London: Oxford. ISBN 0-19-860967-1.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Muirenn ar eDIL
  2. 1 muin ar eDIL