Bébhinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Bébinn)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarBébhinn
Bébinn Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálainm baineann Cuir in eagar ar Wikidata

Is ainm ársa i miotaseolaíocht na nGael é Bébhinn (Sean-Ghaeilge Bé Binn, Bé Find) a tugadh do roinnt mhaith phearsana, gaolta agus neamhghaolta. De réir foinsí áirithe, is bandia breithe í, agus deirfiúr Bhóinne. Deirtear freisin gur bhandia an domhain thíos í Bébhinn idir mhiotas Gaelach agus Breatnais, ina cónaí i Mag Mell na hÉireann nó Annwn na Breataine Bige, cé nach bhfuiltear ar an eolas cé acu is ea an bunfhoinse.[1]

Sanasaíocht agus leaganacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh gur comhcheangal é an t-ainm Bébhinn den ainmfhocal "bean" agus aidiacht "binn"; i leaganacha áirithe den ainm, faightear an aidiacht "fionn" ina hionad. I measc na leaganacha, tá Bé Bind, Bé Find, Bé Binn, Bebhinn, Bébhinn, Bébhínn, Bébhionn, Bébind, Béfind agus Béfionn. Cé go bhfuil foirmeacha galldaithe Vivionn agus Vivian ann, níl siad gaolta leis na hainmneacha francacha agus béarla úd.[1] Sna dánta eipiceacha Ossian le scríbhneoir Albanach na 18ú haoise, James MacPherson, faightear an t-ainm ann mar Vevina.[2][3]

Pearsa miotasach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gur bhean chéile an dia Áed Alainn í Bébhinn, é sin nó an duine daonna, Idath. Luaitear i scata foinsí í mar mháthair laoch na gConnacht, Fraoch, príomhphearsa sa scéal Táin Bó Fhraoigh.[1] San Fhiannaíocht, is í Bébinn "banfhathach álainn a raibh gothaí na n-uasal uirthi", a iarrann dul faoi chosaint na bhFiann nuair théann fathach gránna míofar ar a tóir. De réir foinsí eile, luaitear Bébhinn mar iníon Ealcmhair.[1]

Thug Midhir an buafhocal Bé Find ("bean fhionn") don bhanlaoch Éadaoin sa scéal Tochmharc Éadaoine. Faightear dán ann le Midhir darb ainm "A Bé Find in ragha lium". Is amhlaidh ámh gur sheansaothar neamhghaolmhar é a curadh le scéal Éadaoine níos deireanaí.[4]

Ainm stairiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is sách coitianta é an t-ainm Bébhinn agus a leaganacha sna luath-annálacha Gaelacha. Bhí sé mar ainm ar phearsana miotasacha agus stairiúla, ina measc roinnt banríona agus ban-abaí. Bhí sé mar ainm go háirithe ar mháthair an ardrí, Brian Bóramha agus ar cheann dá iníonacha.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 MacKillop, James (1998) A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford, Oxford University Press. ISBN 0-19-280120-1 lch. 37
  2. Sheard, K. M. (2011) Llewellyn's Complete Book of Names. Woodbury, Minnesota: Llewellyn Publications, lch. 96
  3. Yonge, Charlotte Mary (1863) History of Christian Names. Londain: Parker, Son, and Bourne.
  4. Mac Cana, Proinsias (1989) "Notes on the Combination of Prose and Verse in Early Irish Narrative". In Tranter, Stephen Norman; agus Tristram, Hildegard L. C., Early Irish Literature: Media and Communication, lch. 140. Gunter Narr Verlag. ISBN 3-87808-391-2