Ailill Angubae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I miotaseolaíocht na nGael, ba dheartháir Ard-Rí na hÉireann, Eochaid Feidlech, é Ailill Angubae de réir an leagain i Leabhar na hUidhre den seanscéal Tochmharc Éadaoine.[1][2] Sa leagan seo, thit Ailill i ngrá le hÉadaoin, bean chéile a dhearthár agus sliocht de na Tuatha Dé Danann.

Tochmharc Éadaoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í Éadaoin an dara bean chéile de dhia na dTuath Dé Danann, Midhir.[1] De dheasca a héi faoi [[Fuamnach|Fhuamnach], chéad bhean chéile Mhidhire, athrugadh í mar dhuine daonna.[1] Chuala Ard-Rí na hÉireann Eochaidh Feidhil, an scéal faoina háilleacht, agus thóg sé í chuig a thigh ríoga ag Teamhair.[1] Thit Ailill i ngrá le hÉadaoin ag Féile na Teamhrach. Tar éis na féile seo, phós Éadaoin a dheartháir Eochaid. De bharr an ghrá aontaobhach a d'fhulaing sé, ghéill sé de réir a chéile de ghalar sirg.[1]

In ainneoin a grá dá fear céile, bhí trua ag Éadaoin d'Ailill, agus chun cuidiú leis, gheall sí go luífeadh sí leis.[1] Ar an drochuair dó, níor tháinig Ailill riamh ag an áit socraithe, toisc gur chuir Midhir i gcodladh draíochta é.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 Cotterell, Arthur: The Encyclopedia of Mythology, lch. 96. Hermes House, 2007. ISBN 1-84038-894-3
  2. 2.0 2.1 "The Wooing of Etain (The Courtship of Etain)".