Eochaidh Aireamh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarEochaidh Aireamh
Cineálcarachtar miotasach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharTochmharc Éadaoine Cuir in eagar ar Wikidata
CruinneAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathapolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíMeas Buachalla Cuir in eagar ar Wikidata
SiblíníAilill Angubae Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht agus Miotaseolaíocht na nGael, ba Ard-Rí na hÉireann é Eochaidh Aireamh (Sean-Ghaeilge EochuEochaid Airem) ("treabhdóir"),[1] mac Fionn.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig sé i gcoróin i ndiaidh bás a dhearthár, Eochaidh Feidhil, agus bhí sé i réim ar feadh dhá nó cúig bliana déag (ag brath ar fhoinse), go dtí gur dhóigh Sigmall Sithienta chun báis é. Tháinig Eterscél Mór i réim ina dhiaidh.

I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim:

Tochmharc Éadaoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tionchar mór ag Eochaidh sa seanscéal Tochmharc Éadaoine.[5].

Thug Eochaidh cuireadh d'fhir na hÉireann go féile ag Teamhair, ach dhiúltaigh siad agus é gan bean chéile. Chuir sé teachtairí amach chun an bhean is áille in Éirinn a aimsiú, agus í ná Éadaoin. Thit Eochaidh i ngrá léi ar an gcéad amharc, agus phós sé í.

Thit deartháir Eochaí, Ailill Angubae, i ngrá léi freisin, agus thit sé i searg le grá aontaobhach. Chuaigh Eochaidh amach ó Theamhair ar chuairt ar fud na hÉireann. D'fhan Ailill le hÉadaoin, agus tháinig biseach air.

Tar éis d'Eochaidh teacht abhaile, tháinig Midhir, iarleannán Éadaoine, go Teamhair agus thug dúshlán dó ficheall a imirt. Mhéadaíodh na geallta, ach choinnigh ar Eochaidh ag buachan. I ndeireadh na dála, mhol Midhir go n-imreoidís le haghaidh póige is barróige ó Éadaoin. Bhuaigh Midhir an babhta seo. Dúirt Eochaidh le Midhir teacht ar ais i gceann míosa, agus idir an dá linn, ghair sé ar a laochra is cróga teacht go Teamhair. In ainneoin an airm, nocht Midhir é féin laistigh den tigh. Ghéill Eochaidh go mbeire Midhir barróg ar Éadaoin, ach ar an dtoirt, d'eitil an dís amach i riocht ealaí tríd an spéirléas.

D'ordaigh Eochaidh a chuid fear um gach sídhe in Éirinn a thochailt, go bhfaighe a bhean. Agus iad ag tochailt ag sídhe Mhidhire i mBrí Léith, tháinig Midhir féin ar an bhfód agus gheall sé go dtuga sé Éadaoin ar ais. Thóg sé leis áfach caoga bean i riocht Éadaoine, agus dúirt sé le hEochaidh a rogha a thoghadh. Thóg sé abhaile leis té gur mheas sé gurbh Éadaoin í, ach ba í a mhalairt an fhírinne. Luigh sé léi agus gineadh iníon. Nós faide anonn, tháinig Midhir arís agus d'inis sé go raibh Éadaoin torrach agus í fuadaithe aige, agus gurbh í an bhean tofa ag Eochaidh ná a páiste, iníon Eochaí féin. Agus é náirithe, d'fhág Eochaidh iníon a gcaidrimh colaigh lasmuigh gan clúdach, ach fuarthas agus tógadh í ag aoire agus a bhean chéile. In am trátha, phós sí comharba Eochaí, Eterscél Mór, agus rugadh mac di, an t-ardrí, Conaire Mór.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Airem ar eDIL
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 299.
  3. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éireann 1.37.
  4. Annála na gCeithre Máistrí M5069-5084.
  5. Jeffrey Gantz (aistr.), Early Irish Myths and Sagas, Penguin Classics, 1981, ll. 37-59
Réamhtheachtaí
Eochaid Feidlech
Ard-Rí na hÉireann
LGE 1d aois RC
FFE 82–70 RC
ACM 131–116 RC
Comharba
Eterscél Mór