Mearcair (miotaseolaíocht)
Cuma
| Mercurius | |
|---|---|
| Cineál | dia Rómhánach dia an tsaibhris |
| Comhthéacs | |
| Miotaseolaíocht | creidimh na Sean-Róimhe |
| Dáta | |
| Inscne | fireann |
| Muintir | |
| Lánúin | Larunda (en) |
| Athair | Iúpatar |
| Leanaí | Evander of Pallene (en) |
| Eile | |
| Cuid de | creidimh na Sean-Róimhe agus Dii Consentes (en) |
| Siombail | Mercurius by Jean-Baptiste Pigalle (en) |
| Comhionann | Heirméas, Abianus (en) |

Mórdhia i miotaseolaíocht na Rómhánach ba ea Mearcair (Laidin: Mercurius), agus é ar cheann desna 12 Dii Consentes sa phaintéón. Is é dia an bhrabúis, an deisbhéalaí, teachtaireachtaí, cumarsáide (tairngreacht san áireamh), turasóirí, teorainneacha, an áidh, cleasaíochta agus gadaithe. Is é fosta treoraí anamacha chun an alltair.[1][2]
Chreideadh na Rómhánaigh gur mac é le Maia (iníon as seachtar leis an Tíotán, Atlas) agus Iúpatar, é sin nó le Caelus agus Dies.[3] Ó thús a scéil, is amhlaidh go raibh gaol aige leis an dia Éatrúscach, Turms. Tá ag an dá dhia tréithe dála an dé Ghréagaigh, Heirméas. Feictear é go minic agus an cadúicéas ina láimh chlé aige, bronnta air, i dtosach mar slat draíochta, ag Apalló.

Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol a bhaineann leis an mhiotaseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |