Pompeii
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Tír | an Iodáil | |||
| Réigiún san Iodáil | Campania | |||
| Metropolitan city of Italy (en) | Ceannchathair Napoli | |||
| Común san Iodáil | Pompei | |||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 0 | |||
| • Dlús | 0 hab./km² | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Achar dromchla | 98.05 ha | |||
| Sonraí stairiúla | ||||
| Cruthú | 6 haois "RCh" | |||
| Eachtra thábhachtach | léigear (89 "RCh") círéib (59) 62 Pompeii earthquake (en) eruption of Mount Vesuvius in 79 (en) scrios (79) | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
| Eile | ||||
| Suíomh gréasáin | pompeiisites.org | |||

Is cathair Rómhánach atá adhlactha i bpáirt í Pompeii (Iodáilis:Pompei). Tá sí suite in aice le Napoli sa réigiún Iodálach Campania, i gcomhphobal Pompei. Sa Laidin, is ainmfhocal san uimhir iolra agus sa dara díochlaonadh é "Pompeii" ón fhocal Pompeii, -orum. Dar le Theodor Kraus, "Is cosúil go dtagann fréamh an fhocail 'Pompeii' ón Oscanais don uimhir 'cúig', pompe, a thugann le fios go raibh cúig ghráig nó b'fhéidir go raibh grúpa teaghlach lonnaithe ann (gens Pompeia)." Chomh maith le Herculaneum, a chomhchathair, scriosadh Pompeii agus adhlacadh é ina hiomlán i mbrúchta thubaisteach bholcán Shliabh Veasúiv a lean ar aghaidh ar feadh dhá lá sa bhliain AD 79. Chlúdaigh an brúchtadh Pompeii faoi 4 go 6 méadar luaithrigh agus slíogairt, gur cailleadh é le breis is 1.500 bliain sula ar athfhionnadh í tré thaisme sa bhliain 1599. Ó shin amach, sholáthraigh na tochailtí neamhghnácha mionléargas dúinn ar shaol na cathrach agus na hImpireachta Rómhánaí agus í i mbarr a réim. Inniu, tá an láithreán ina Shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO agus ar cheann de nithe is díol spéise do thurasóirí na hIodáile, le thart ar 2,500,000 cuairteoirí gach bliain.
Luathstair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shín an tochailt seandálaíochta ag an suíomh go dtí leibhéal na sráide mar a bhí nuair a tharla an teagmhas bolcánach sa bhliain 79 AD ; tugann tochailt níos doimhne i gcodanna níos sine sa chathair agus cuardaigh trí tholladh in aice láimhe, ina bhfuarthas sraitheanna dhríodar measctha, le fios gur fhulaing an chathair ó bholcáin agus teagmhais seismeacha eile roimhe sin.
| Is síol faoi thíreolaíocht na hIodáile é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
