Iúil Caesar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaImperator
Iúil Caesar
Pater Patriae

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) GAIVS IVLIVS CAESAR
(la) Divus Julius
Ainm iarbháisDivus Iulius
Beathaisnéis
Breithf. 12 Iúil 100 "RCh" ↔ 13 Iúil 100 "RCh"
An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Márta 44 "RCh"
55 bliana d'aois
Theatre of Pompey (Poblacht na Róimhe)
Siocair bháisDúnmharú (Fuiliú)
Áit adhlacthaTemple of Caesar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe
luach anaithnid – 44 "RCh"
Flamen Dialis (en) Aistrigh
84 "RCh" – 81 "RCh"
Pontifex (en) Aistrigh
73 "RCh" – 63 "RCh"
Caestóir
69 "RCh" – 69 "RCh"
Curule aedile (en) Aistrigh
65 "RCh" – 65 "RCh"
Pontifex maximus
63 "RCh" – 44 "RCh"
Praetóir
62 "RCh" – 62 "RCh"
1 Gobharnóir Rómhánach Hispania Ulterior (en) Aistrigh
Subject has role (en) Aistrigh: próchonsal
61 "RCh" – 60 "RCh"
1 Consal Rómhánach
59 "RCh" – 59 "RCh"
In éineacht le: Marcus Calpurnius Bibulus (en) Aistrigh
2 Gobharnóir Rómhánach Cisalpine Gaul (en) Aistrigh, Illyricum (en) Aistrigh, Transalpine Gaul (en) Aistrigh
Subject has role (en) Aistrigh: próchonsal
58 "RCh" – 49 "RCh"
Roman dictator (en) Aistrigh
1 Deireadh Fómhair 49 "RCh" – 15 Márta 44 "RCh"
2 Consal Rómhánach
48 "RCh" – 48 "RCh"
In éineacht le: Publius Servilius Vatia Isauricus (en) Aistrigh
3 Consal Rómhánach
46 "RCh" – 46 "RCh"
In éineacht le: Lepidus (en) Aistrigh
4 Consal Rómhánach
45 "RCh" – 45 "RCh"
5 Consal Rómhánach
44 "RCh" – 44 "RCh"
In éineacht le: Marcus Antonius
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCreidimh na Sean-Róimhe
Áit chónaitheAn Róimh
Teanga dhúchaisan Laidin
Gníomhaíocht
Gairmcainteoir poiblí, saighdiúir in Arm na Sean-Róimhe, polaiteoir de chuid na Sean-Róimhe, polaiteoir, ceannaire míleata, scríbhneoir, sagart sa tSean-Róimh, Ancient Roman historian (en) Aistrigh, file, údar cuimhní cinn, rialtóir, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaLate Roman Republic (en) Aistrigh
Ball de pháirtí polaitíochtapopulares (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Laidin agus an tSean-Ghréigis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataImperator
treabhann míleata (71 "RCh"–71 "RCh") Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCaesar's Civil War (en) Aistrigh agus Cogaí na nGallach
Ceiliúradhcreidimh na Sean-Róimhe, reiligiún na Sean-Éigipte agus creideamh sa tSean-Ghréig
Fearann an naoimh nó an déImperial cult of ancient Rome (en) Aistrigh
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
TeaghlachJulii Caesares (en) Aistrigh agus Julio-Claudian dynasty (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileCalpurnia (59 "RCh"–44 "RCh"), bás
Pompeia (67 "RCh"–61 "RCh"), colscaradh
Cornelia (84 "RCh"–68 "RCh"), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíServilia
Pomponia
Sempronia
Clodia
Mamurra
Postumia
Nicomedes IV na Bitíne
Postumia
Cossutia
Cléópátra
Lollia
Tertulla
Mucia Tertia
Eunoë
Nysa Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJulia
 ( Cornelia)
Caesarion
 ( Cléópátra)
Ágastas, mac uchta
 ( Gaius Octavius (en) AistrighAtia) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGaius Julius Caesar  agus Aurelia
SiblínJulia Major agus Julia Minor
Croineolaíocht
75 "RCh"gabháil Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm2471712 Musicbrainz: 700c2278-910d-40d5-b85a-4c95a39a95ef Find a Grave: 7181 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Iúil Caesar (Laidin: Gaius Iulius Caesar); 13 Iúil 100 RC - 15 Márta 44 RC) ina ghinearál, ina pholaiteoir agus ina scríbhneoir sa tSean-Róimh. Bhí sé ina bhall den chéad triúracht, agus ina dhiaidh sin, bhain sé amach deachtóireacht na Poblachta Rómhánaí. Bíonn staidéar á dhéanamh fós ag scoláirí Laidine agus ag staraithe míleata ar a chuid scríbhinní, go háirithe ar an leabhar a scríobh sé faoin gcogadh Gallach.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fear de phór uasal ba ea Caius Iulius Caesar, agus baint aige le muintir Iúil nó gens Iulia, ceann de na teaghlaigh ba shine agus ab uaisle sa Róimh. Chreid muintir Iúil go raibh gaol acu le Ascanius-Iulus, mac Aeinéas. Ba é Aeinéas bunaitheoir na Róimhe, de réir mar a mhaígh seanscéal Rómhánach, agus ba í an bandia Véineas féin máthair Aeinéas, má b'fhíor don tseanscéal chéanna. Leis an nginealas diaga seo a urramú, thóg Iúil Caesar teampall nua don bhandia sin, nuair a bhí sé i gceannas ar an Róimh, sa bhliain 45 r.Chr.

Ní raibh fáltas ná tionchar polaitiúil ag roinnt leis an mórtas cine seo, mar, déanta na fírinne, ní raibh ag éirí go rómhaith le muintir Iúil i gcúrsaí polaitíochta ná eile. Sa bhliain 451 r. Chr. bhí fear darbh ainm Caius Iulius Iullus ar fear de na deichniúraithe nó decemviri, a bhí le malairt cuma a chur ar an Róimh. Sa chéad dá chéad bliain eile, ní raibh ach beirt fhear de mhuintir Iúil ina gconsail. Bhí athair Caius Iulius Caesar ina phraetóir sa bhliain 92 r. Chr.

Bhí gaolta Caesar ina gconsail agus ina gcinsirí (is é sin, ina ndaonáiritheoirí), freisin.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 84 r. Chr. phós Iúil Caesar Cornelia, iníon an chonsail Lucius Cornelius Cinna, a raibh baint aige le páirtí na bPopulares. Nuair a chuaigh Caesar le polaitíocht, ba é an ginealas a dheimhnigh go rachadh sé leis na Populares, le páirtí an phobail. Mar shampla, bhí a uncail Caius Marius ina ghinearál a chloígh an dá threibh bharbartha úd Cimbri agus Teutoni, agus é i gceannas ar pháirtí an phobail sa Seanad chomh maith.

Sa bhliain chéanna (agus sé bliana d'aois aige), bhain Caesar amach post mar Flamen Dialis, is é sin, príomhshagart Iúpatair. B'fhéidir leas polaitiúil a bhaint as an bpost seo. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, d'éirigh le Lucius Cornelius Sulla deachtóireacht a bhaint amach go gairid ina dhiaidh seo. Ó bhí Sulla ag tacú le páirtí na nOptimates, is é sin, páirtí na huasalaicme, bhí Caesar i bponc. Bhí sé pósta ar iníon Cinna agus gaol aige le duine tábhachtach eile de na Populares, mar atá, Marius. D'éiligh Sulla ar Caesar idirscaradh ó Cornelia ach ní raibh Caesar sásta tabhairt isteach dó. Ina ionad sin thréig sé an Róimh. Bhí cairde sa chúirt ag Caesar a d'fhéach chuige nach raibh dúnmharú polaitiúil á bhagairt air, ach mar sin féin, d'fhan sé ar a theitheadh taobh amuigh den phríomhchathair.

dealbh bhrád, Pantelleria

Bhí fáilte roimhe sna fórsaí armtha, ní nárbh ionadh, agus glacadh leis mar oifigeach foirne faoi cheannas an ghinearáil Marcus Minucius Thermus, a bhí ag faire chúige na hÁise (is é sin, iarthar na Mion-Áise, nó iarthar na Tuirce sa lá atá inniu ann) thar cionn Sulla. Nuair a bhí cathair Mytilene in oileán Lesbos faoi léigear ag saighdiúirí Thermus, bronnadh an corona civica nó coróin an tsaoránaigh ar Iúil Caesar—b'ionann sin is a rá go raibh sé tar éis duine dá chomh-Rómhánaigh a shábháil ar an mbás ar mhachaire an áir. Ó nach raibh deireadh ag teacht leis an léigear, cuireadh Caesar chuig rí na Bitine, Nicidéamas a Ceathair, duine de chomhghuaillithe na Rómhánach, le cuidiú a iarraidh air. Chaith sé tréimhse chomh fada ann gur cuireadh amach air go raibh caidreamh collaí ag Caesar leis an .

Sa bhliain 78 r. Chr. fuair Sulla bás agus d'fhill Caesar ar an Róimh le dul le polaitíocht arís. Mar ba ghnách sa Róimh ag an am, rinneadh ionchúisitheoir agus mionstátseirbhíseach—duine de na vigintisexviri—de mo dhuine. Ina ionchúisitheoir dó chúisigh sé an t-iar-chonsal Cnaeus Cornelius Dolabella, duine de lucht leanúna Sulla. Thuig muintir na Róimhe as seo go raibh Caesar i ndeabhaidh le páirtí Sulla i gcónaí.

Le teitheadh ó fhuath mhuintir Sulla, chinn Caesar ar an Róimh a thréigean arís, cé nach le saighdiúireacht a chuaigh sé. Is é an rud a rinne sé ná a aghaidh a thabhairt ar Oileán Ródas sa Ghréig le reitric agus deisbhéalaí a fhoghlaim ó mháistir aitheanta na ceirde, Mólan. Níor tháinig sé a fhad le scoil Mhólain riamh, áfach, nó ghabh foghlaithe mara ina phríosúnach é le hairgead a fhuascailte a éileamh ar a mhuintir. Deirtear gur chuala Caesar iad ag rá go raibh cuma an bhoic mhóir air agus go raibh siad le fiche tallann óir a éileamh. Bhí Caesar den tuairim nach rachadh sé a phraghas ceart ar fhiche tallann óir, áfach, agus é ag áitiú ar na foghlaithe gurbh fhiú dóibh caoga tallann a iarraidh. San am céanna, dúirt sé leis na foghlaithe go gcrochfadh sé gach mac mallachta acu ar chros dá mbeadh sé de dhíth céille acu é a scaoileadh saor ina bheo. Níor thug na foghlaithe aird ar an rabhadh seo; fuair siad an caoga tallann, agus nuair a d'éirigh le Caesar a dhóthain saighdiúirí a fháil chuige chuaigh sé sa tóir ar na fuadaitheoirí. Ghabh sé iad sa deireadh agus chuir sé beart lena bhagairt, nó chéas sé na foghlaithe mara ar chros. Ó bhí siad ina gceann maith dó i rith a bhraighdeanais, áfach, bhris sé a gcuid cos sular crochadh iad le nach mbeadh moill mhór ar an mbás.

An Fód á Dhéanamh aige[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtús na bliana 73 r. Chr. ceapadh Caesar ina dhuine de na Pontifices, is é sin, ina bhall de chomhairle na sagart. Tháinig sé i gcomharbas ar ghaol leis, Caius Aurelius Cotta, a bhí tar éis bás a fháil. Sa bhliain 69 r. Chr. d'éirigh leis céim an chaestóra a fháil. Ba í an chaestóireacht an chéim ab ísle de na poist fhíorthábhachtacha - an cursus honorum nó cúrsa na n-onóracha—sa tsean-Róimh.

Sa bhliain 68 r. Chr. cailleadh Cornelia, bean chéile Chaesar. Thug sé grá na hailpe do chailín saibhir de mhuintir Sulla, Pompeia, agus é ag baint leasa as a cuid airgid le dul chun cinn sa pholaitíocht. Sa bhliain 65 ceapadh ina aedíleach curúlach é, agus sa bhliain 63 rinneadh Pontifex Maximus de—is é sin, ardsagart na ndéithe go léir (Inniu, ar ndóigh, tugtar Pontifex Maximus ar an bPápa, ach tá an chéimíocht níos sine ná an Chríostaíocht).

San am seo bhí an Róimh ar coipeadh le ráflaí faoi chomhcheilg a bhí ar cois ag baicle rúnda a bhunaigh Lucius Sergius Catilina le teacht i réim sa Róimh. Bhí cuid mhór de mhaithe is de mhóruaisle na Róimhe sáite sa chomhcheilg, agus amhras ar na daoine faoi Iúil Caesar féin, ó bhí caidreamh éigin aige le Catilina roimhe seo. Mar sin féin, d'éirigh le Caesar an drochamhras a scaipeadh. Sa bhliain 62 bhain Caesar amach céimíocht an phraetóra, ceann de na poist ab airde i gcóras riaracháin na Róimhe. Bhain mí-ádh pearsanta dó, áfach, nó b'éigean dó dealú óna bhean chéile, Pompeia, i ndiaidh scannail a d'fhág amhras na mígheanmnaíochta uirthi.

Ba é an chéad phost tábhachtach a bhí ag Caesar taobh amuigh den Róimh ná próphraetóireacht na Spáinne. Chuir sé cogadh fíochmhar ar na hIbéirigh, rud a thuill clú an straitéiseora dó agus a chuidigh leis bail a chur air féin i gcúrsaí airgid, rud ba ghá agus é chomh báite sin i bhfiacha. Bhí sé in inmhe, mar sin, cur isteach ar an bpost ab airde i gcóras riaracháin na Róimhe, is é sin, an chonsalacht.

Cnaeus Pompeius Magnus

Is iomaí Seanadóir a bhí míshásta le saint Chaesar sa chonsalacht, agus leis an ród a réiteach roimhe chuaigh Caesar i bpáirt le beirt sárachán eile, mar atá, Marcus Licinius Crassus agus Cnaeus Pompeius Magnus. Ba í seo an chéad Triúracht, nó "an t-arrachtach tríchloigneach", mar a dúirt Varro. Tháinig an t-airgead (Crassus), an oirbheartaíocht mhíleata (Pompeius) agus an tionchar polaitiúil (Caesar) le chéile sa triúracht seo. Leis an gceangal a dhaingniú, phós Pompeius iníon Caesar, Iulia.

Bhí an triúracht in ann an chonsalacht a bhaint amach do Caesar sa bhliain 59 r. Chr. Bhí cuid mhór de na Seanadóirí ag cur ina aghaidh mar sin féin, agus d'fhéach siad fiú le hé a chur as a phost trí tháinseamh. Ós rud é gur bronnadh próchonsalacht cúig bliana air le go mbeadh sé in ann cogadh a chur ar na hIllírigh agus ar na Gallaigh, ní raibh seans ag a chuid naimhde an dlí a chur air mar ba mhian leo. Nuair a toghadh ina chonsal é phós sé arís. Calpurnia a bhí ar an mbrídeog, agus í ar an tríú bean chéile aige.

Próchonsalacht agus Cogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é is brí le "próchonsalacht" ná fad a cur le tréimhse na consalachta: de ghnáth ní mhairfeadh an chonsalacht thar aon bhliain amháin, ach bhí sé de nós ag na Rómhánaigh an chumhacht sin a thabhairt do na ginearáil go ceann tamaill eile. Chuir an phróchonsalacht ar chumas Caesar arm a earcú, rud a lig dó cogadh a chur ar na Gallaigh lena dtír a fhorghabháil don Róimh.

D'éirigh leis an triúracht fad eile a chur le próchonsalacht Chaesar, nó bhí consalacht ag Crassus agus Pompeius araon sa bhliain 55 r.Chr. Chaith Caesar deich mbliana ar fad ina phróchonsal, mar sin, agus é ag cogaíocht sa Ghaill. D'éirigh le Caesar iomlán na Gaille a shealbhú, a fhad leis an Réin. Bhí sé in ann easaontas na nGallach a chur chun sochair dó féin, agus cuid mhaith de na treibheanna sásta dul i gcomhar le Caesar in aghaidh na gcomharsan. Dá thoradh sin, bhí Caesar in ann na Gallaigh a chloí de réir a chéile, gan cogadh a chur ar an iomlán dearg acu riamh.

Bhí Caesar chomh dána dásachtach is gur rith leis sluaíochtaí míleata a dhéanamh go dtí an Ghearmáin agus an Bhreatain, rud a tharraing súil na Róimhe air, nó bhí na Rómhánaigh aineolach ar fad ar na críocha seo ag an am. Chinn Caesar sa deireadh gan gabháltas a dhéanamh orthu, agus níor thit an Bhreatain leis na Rómhánaigh ach céad bliain níos deireanaí. An teorainn a fheicimid idir an Fhrainc agus an Ghearmáin inniu, tá sí suite san áit ar fhág Caesar í, a bheag nó a mhór.

49-48 BC. AR Denarius (17mm, 4.01 g, 2h).

Is féidir a mhaíomh gur maraíodh milliún Gallach le linn an chogaidh a chuir Caesar ar an nGaill. Fágadh milliún eile i ndaoirse agus i ndaorbhroid. Thug Caesar cuntas ar a chuid eachtraí sa Ghaill sa leabhar is cáiliúla dá chuid, mar atá, Commentarii de bello Gallico—Tráchtaireacht ar chogadh na Gaille. An t-eolas atá againne ar chogaíocht na Rómhánach, tháinig cuid nach beag de chugainn ón leabhar seo. Leabhar bolscaireachta a bhí ann go bunúsach, lena chruthú don tSeanad go raibh údar ceart leis an gcogadh. Thairis sin de, ba í an leabhar seo a chuir ar a súile do na Rómhánaigh den chéad uair gur dhá phobal éagsúla ba ea na Ceiltigh agus na Gearmánaigh. Roimhe sin, shíl na Rómhánaigh nach raibh sna Gearmánaigh ach ceann de na treibheacha Ceilteacha.

Ba é Vercingetorix an taoiseach ba mhó a chuir in aghaidh Caesar, agus é ar aon chothrom le Caesar mar cheannsaí cogaidh. B'fhada Caesar ag troid le Vercingetorix, a bhris an cath air i nGergovia (in aice le Clermont-Ferrand an lae inniu). Sa deireadh thiar thall, fuair sé an ceann is fearr ar an taoiseach Gallach in Alesia (Alise Sainte-Reine an lae inniu), áit ar thug Vercingetorix é féin suas do Chaesar le comha níos fearr a thabhú dá mhuintir. Deirtear gur chaith an taoiseach Gallach a ghléas cogaidh le cosa Caesar, ach is féidir nach bhfuil i gceist ach teilgean cainte. Taispeánadh Vercingetorix do mhuintir na Róimhe i mórshiúl caithréime Chaesar, ach ansin cuireadh chun báis é, nó bhí Caesar géarbharúlach gur namhaid dainséarach a bheadh ann dá n-éireodh leis éalú as an mbraighdeánas.

Is follasach go raibh leas polaitiúil le baint as an gcaithréim seo, chomh maith le rachmas saolta, agus bhain Caesar an-tairbhe as na heachtraí cogaidh agus é ag iarraidh cumhacht a bhaint amach sa bhaile.

Cogadh Cathartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 53 r. Chr. maraíodh Crassus san Aisír, áit a raibh sé ag cur cogaidh ar na Pairtigh. Bhí Pompeius buartha faoi bhorradh Chaesar agus thosaigh sé ag déanamh mórtachais le Seanadóirí a raibh an colg céanna orthu. Bhí Caesar féin i ndeireadh na próchonsalachta agus é fágtha gan tacaíocht pholaitiúil de bharr chliseadh na Triúrachta.

Abhainn Rubico, Abbott, Jacob, (1803-1879) 1849

Ba bhaol dó comhar Phompeius agus an tSeanaid, agus an chuma ar an scéal go ngabhfaidís é ar theacht go dtí an Róimh dó. Shíl sé, mar sin, nach raibh de rogha air ach teacht i dtreis le lámh láidir. Chuir an Seanad cosc ar Caesar a chuid léigiún a thabhairt leis go dtí an Iodáil, ach nuair a bhain sé amach teorainn na hIodáile agus na Gaille, Abhainn Rubico, ar an deichiú lá d'Eanáir, 49 r.Chr., chuaigh Caesar chun diúnais ar an Seanad agus thug cúig mhíle fear leis. Deirtear gur ar an ócáid úd a chualathas na focail chlúiteacha—alea iacta est—á labhairt aige. Ós rud é go raibh an Ghréigis chomh líofa aige leis an Laidin, mar ba dhual do scothaicme na Róimhe ag an am, is dócha gurb as Gréigis a dúirt sé iad—anerriphtho kybos. Tá tagairt sa mhéid sin do dhráma le Menandros, drámadóir Gréagach.

Cibé scéal é, ghabh Caesar an Róimh gan mórán dua, agus theith Pompeius agus cuid mhór de na Seanadóirí go dtí an Ghréig roimhe.

Sa bhliain 48 r. Chr. bronnadh an chonsalacht ar Caesar in athuair, agus siúd anonn chuig an nGréig é le cogadh a chur ar a chuid naimhde. Mhaidhm an cath ar Phompeius ag Pharsalos i dtuaisceart na Gréige, agus lorg sé dídean san Éigipt. Ní raibh Tolamaes a Trí Déag, rí na hÉigipte, sásta tearmann a thabhairt dó, áfach: dúnmharaíodh Pompeius ar orduithe an rí. Ag teacht sna sálaí ag Pompeius dó, shroich Caesar Alexandria, príomhchathair na hÉigipte, agus casadh deirfiúr an rí, Cleopatra, air. De réir nós na nÉigipteach, bhí Cleopatra pósta ar a deartháir, ach níor stop sin í ó ghrá a thabhairt do Caesar, ná Caesar ó dhul ina haraicis. Más fíor féin gurbh é seo cumann grá na mílaoise, is iomaí trioblóid a tharraing sé. Rugadh mac di le Caesar agus Caesarion mar ainm air; bhí Caesar sásta a admháil gurbh é siúd a mhacsan, ach níor fhág sé dada ag an mbuachaill ina thiomna. Ní rithfeadh leis riamh Cleopatra a phósadh ach an oiread, nó bheadh a chnaipe déanta mar pholaiteoir sa Róimh, agus bhí sé pósta ar Chalpurnia i gcónaí.

Ní raibh an cogadh cathartha críochnaithe go fóill, áfach. Bhí fórsaí an tSeanaid ag troid le Caesar i gcónaí, agus chuir sé cath orthu ag Thapsus i dtuaisceart na hAfraice ar an séú lá de Mhí Aibreáin, 46 r. Chr.. Chloígh sé Metellus Scipio agus Marcus Porcius Cato Óg, mac le Cato Mór. D'éirigh Cnaeus Óg agus Sextus, beirt mhac le Pompeius, amach ina aghaidh, ach d'éirigh le Caesar an cogadh seo—Cogadh na Spáinne - a bhuachan chomh maith. Tháinig deireadh leis i Mí na Márta den bhliain 45 r. Chr., nuair a chloígh Caesar mic Pompeius ag Munda. Chuir Cnaeus lámh ina bhás féin ach tháinig an deartháir eile slán.

Deachtóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bonn Denarius ón 1ú haois RC (44 RC). Caesar ar thaobh na láimhe clé. Venus ar thaobh na láimhe deise.

Ní raibh an deachtóireacht bainte amach ag Caesar go fóill nuair a chrom sé ar reachtaíocht na Róimhe a leasú. Thug sé isteach roinnt mhaith dlíthe nua (Leges Iuliae), agus bhí rún aige slacht a chur ar na dlíthe go léir. Leasaigh sé an féilire agus bhí sé ag smaoineamh ar na Portaigh Phointíneacha a thriomú.

Bhain Caesar amach an deachtóireacht ar dtús sa bhliain 46 r. Chr., i ndiaidh dó filleadh abhaile ón Éigipt. An uair sin bhí air éirí as an bpost i gceann deich mbliana, ach i ndiaidh dó bua a bhreith ar chlann mhac Phompeius rinne an Seanad dictator perpetuus nó buandeachtóir de. Bhí an deachtóireacht shealadach ag cur le bunreacht na Roimhe, nó bhí sé ceadaithe na cumhachtaí sin a thabhairt ar iasacht do ghinearál, mar shampla, ar feadh an chogaidh. Sampla de sin ba ea Cincinnatus, fear a bhí ina chomhartha ar shuáilcí an Rómhánaigh idéalaigh: fear simplí a ghlac le cumhachtaí an deachtóra leis an Róimh a tharrtháil agus a d'fhill ar a sheancheird ina dhiaidh sin. Scéal eile ar fad ba ea an buandeachtóir, nó chuir sé an phoblacht féin i mbaol, rud a chuir olc ar mhórán agus ba chúis le comhcheilg i gcoinne Chaesar.

Níl na staraithe ar aon tuairim inniu féin faoi cé acu a bhí fonn ar Chaesar rítheaghlach a bhunú agus an phoblacht a threascairt nó nach raibh. Bhí cumhacht ríoga aige cheana ach thuig sé nach bhféadfadh sé an scéal a phlé os ard. Chuimhnigh sé ar chogaidh eile a thosú—na Pairtigh a ionsaí agus díoltas a agairt orthu as marú Crassus.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúnmharaíodh Iúil Caesar ar an gcúigiú lá déag de Mhí na Márta (Idus Martiae, de réir fhéilire na Rómhánach) den bhliain 44 r. Chr. Bhí sé tar éis teacht go dtí an Seanad agus suí síos mar ar ghnách leis nuair a chonaic sé an lucht comhcheilge ag nochtadh a gcuid arm (styli nó pinn mhiotail, is dócha) ina thimpeall. Ba é an sceanach ceart é agus gach duine ag iarraidh a chion féin den obair a dhéanamh.

Ba é Publius Servilius Casca an chéad duine a ghoin Caesar. Is beag dochar a rinne sé. Cheap Caesar a lámh: "Céard atá tú a dhéanamh, a Chasca, a bhithiúnaigh?" Scairt Casca as Gréigis: "Cuidigh liom, a dheartháir!" (Αδελφέ βοήθει!) Sháigh deartháir Chasca a chlaíomh idir na heasnacha i Caesar, agus d'ionsaigh Cassius Caesar gur ghortaigh sé a aghaidh. Chuir Caesar sonrú i mBrutus agus deirtear gur labhair sé leis as Gréigis: "Tú féin, a ghasúir?" (Καὶ σὺ τέκνον). Is amhlaidh go raibh meas an chara agus an mhic altrama ag Caesar ar Bhrutus, siúd is go raibh an bheirt acu in achrann a chéile i gcúrsaí polaitíochta. Is é an dara leagan den scéal atá ann, áfach, ná nach raibh Caesar in ann mórán a rá faoin am seo, agus easpa fola air.

Ní raibh Marcus Tullius Cicero, máistir na deisbhéalaí agus na reitrice, sáite sa chomhcheilg, ach mura raibh, chonaic sé an dúnmharú le súile a chinn féin, agus bhí sé an-sásta go raibh deireadh curtha leis an "tíorántacht". Bhí sé ar dhuine de na naimhde ba bhinbí a bhí ag Caesar i saol polaitíochta na Róimhe (cé gur bhreá leis prós Chaesar), agus níor cheil sé an ríméad a bhí air i ndiaidh an dúnmharaithe.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor tháinig deireadh le cogadh cathartha na Róimhe le dúnmharú Caesar, a mhalairt ar fad. Ar dtús, bhris Marcus Antonius (a bhí ina chomh-Chonsal ag Caesar sa bhliain 44 r. Chr.) agus Octavianus, garnia is mac uchta Caesar, an cogadh ar lucht na comhcheilge. Iadsan, in éineacht leis an nginearál Marcus Aemilius Lepidus, a chuaigh le chéile sa Dara Triúracht.

Dealbh do Caesar - Rimini, An Iodáil.

I gceann tamaill chloígh Octavianus a chomh-Thriúraithe. Sa bhliain 31 r. Chr. bhí deireadh curtha leis an gcogadh cathartha aige agus é féin iompaithe ina Impire. Mar sin féin, bhí sé ag iarraidh dealramh na ríogachta a sheachaint, agus é ag caint ar '"athbhunú na Poblachta". Ní raibh ann féin, mar dhea, ach princeps, is é sin, an chéad saoránach. I ndáiríre, bhí an stát faoi smacht aige féin amháin. Ba iad na Seanadóirí a bhronn an leasainm Augustus (Ágastas)—"urramach, mórga"—ar Octavianus, agus is mar Ágastas a choinníonn na hannála cuimhne air.

Chomh luath le tús an dara triúracht, gaireadh dia d'Iúil Caesar—divus Iulius, Iúil Diaga. Sa bhliain 29 r. Chr., thiomnaigh Ágastas teampall d'Iúil Diaga sa Fhóram Rómhánach. Ba nós ag Ágastas freisin "mac an duine dhiaga" a thabhairt air féin.

A Chuid Scríbhneoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

C. Iulii Caesaris quae extant, 1678

Bhreac Caesar síos scéal a chogaidh i seacht leabhar an tsaothair úd Commentarii de bello Gallico ("Trácht ar chogadh na Gaille"). Ós rud é go bhfuil an saothar seo scríofa i Laidin shimplí shoiléir, gan ruthaig na reitrice, is gnách é a úsáid mar lón léitheoireachta do na scoláirí agus iad díreach ag éirí chomh heolach ar an Laidin is gur féidir leo an chéad leabhar a léamh. Is iomaí scoláire Laidine a d'fhoghlaim an chéad chúpla abairt sa leabhar seo de ghlanmheabhair, ós rud é gurb iad na focail seo a d'oscail an geata go saol na Róimhe: Gallia est omnis divisa in partes tres, quarum unam incolunt Belgae, aliam Aquitani, tertiam qui ipsorum lingua Celtae nostra Galli appellantur—is é sin: "Tá an Ghaill roinnte ina trí chuid, na Beilgigh ina gcónaí i gcuid amháin, na hAcatánaigh i gcuid eile acu, agus dream sa tríú cuid a dtugtar Ceiltigh orthu ina dteanga féin agus Gallaigh inár dteangana".

Creidtear gur riachtanais pholaitiúla ba mhó a spreag Caesar chun pinn, nó bhí sé ag iarraidh lucht a cháinte sa Seanad a chur ina dtost agus a chruthú gurbh fhónta an rud a rinne sé d'ainneoin ar chosain an cogadh d'airgead Rómhánach.

Thairis sin de scríobh Caesar saothar beag, De bello civili, inar phléigh sé an chuid den chogadh cathartha a chonaic sé lena shúile cinn féin. Má tháinig aon saothar eile óna lámh níl a dhath fágtha de.

Bun-Fhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

A Shaothair Féin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saothair na Sean-Staraithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]