Nodens

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarNodens
Roman Temple - geograph.org.uk - 1318760.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál dia uisce Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscne fireann Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Comhionann Nuadha Cuir in eagar ar Wikidata

I miotaseolaíocht na gCeilteach,dia leighis a d'adhrtaí sa Bhreatain ársa is ea *Nodens*Nodons (athchruthaithe ón tuiseal tabharthach NodentiNodonti). Cé nach bhfuil ar marthain dó aon léiriú fisiciúil ar bith, is léir ó inscríbhinní móideacha le feiceáil ag Lydney Park (Gloucester) go raibh naisc aige le cúnna, ainmhí leighis sa seansaol. Ní fheictear é ach i suíomh abhainn eile, .i. Cockersand Moss (Lancashire).

Is ionann é sna hinscríbhinní agus Mars (mar cneasaí in ionad gaiscíoch) agus lSilvanus (dia seilge) na Róimhe .[1] Tá a ainm gaolmhar le pearsana Ceilteacha níos deireanaí eile, amhail is Nuada na nGael agus Nudd na Breataine Bige.[2][3][4][3]

Litríocht an lae inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne an fileolaí agus úrscéalaí J. R. R. Tolkien taighde ar na hinscríbhinní maidir le Nodens, agus tá a dtionchar ar a scríbhneoireacht tugtha faoi ndeara ag scoláirí, san áireamh gabha na Síofraí agus déantóir na bhFáinní Cumhachta, Celebrimbor, ainm le brí Airgeadlámh.

Feictear Nodens fosta sa Cthulhu Mythos le H. P. Lovecraft.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Aldhouse-Green, 2008, ll. 208–210.
  2. Carey, 1984, ll. 2–3.
  3. 3.0 3.1 MacKillop (2004), s.v. Nodons, Nudd agus Nuadu Airgetlám.
  4. Matasović, 2009, lch. 350.