Manawydan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaManawydan

Cuir in eagar ar Wikidata
CeiliúradhMiotaseolaíocht na mBreatnach
Teaghlach
SiblínDôn

Is pearsa é Manawydan fab Llŷr i miotaseolaíocht na Breataine Bige, mac Llŷr agus deartháir Bendigeidfran (Gaeilge: Brân Beannaithe) agus Brânwen. Tá an chéad mhír ina ainm gaolmhar le fréamh ainm dhia mara na hÉireann Manannán mac Lir, agus is dócha gur tháinig sé ón ndiacht Cheilteach chéanna le Manannán. Murab ionann agus Manannán, áfach, ní nascann aon ábhar a mhaireann é leis an bhfarraige ar bhealach ar bith, ach amháin lena ainm athartha (is seanfhocal Breatnaise é llŷr a chiallaíonn 'farraige' ). Is sa Dara agus sa Tríú Brainse de na Mabinogi (a bhfuil an dara ceann díobh ainmnithe dó) le fáil ar an gcuma is tábhachtaí atá ag Manawydan, ach déantar tagairt dó go minic freisin i bhfilíocht na meánaoise agus i Trioedd Ynys Prydein (Gaeilge: Tréanna Inis na Breataine)

Na Mabinogi[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Dara Brainse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is carachtar tábhachtach é Manawydan sa Dara Brainse den Mabinogi, Mabinogi Bhranwen, Iníon Llŷr . Sa scéal seo, feidhmíonn Manawydan mar chomhairleoir dá dheartháir Brân Beannaithe, Rí na Breataine. Suíonn sé in aice le Brân ag féasta ag ceiliúradh bainise a deirféar Brânwen le Matholwch, rí na hÉireann, ócáid a bhí mar aidhm aici comhghuaillíocht a dhaingniú. Nuair a chiorraíonn a leathdheartháir Efnisien capaill Matholwch, cuireann Brân Manawydan chun cúitimh a thairiscint. Níos déanaí, nuair a thagann scéala ar ais go dtí an Bhreatain go bhfuil Matholwch ag tabhairt drochíde do Bhrânwen, téann Manawydan i gcuideachta iarracht tarrthála Bhrân.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Mabinogi of Branwen. From mabinogi.net. Retrieved May 8, 2009.