Jump to content

An Leapóintis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Leapóintis

Cineálteanga mharbh agus teanga anallód
Úsáid
Cainteoirí dúchais0
Dúchasach doLepontii
StáitAn tSean-Róimh
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ceilteacha
Ceiltis na Mór-Roinne
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaan aibítir Éatrúscach
Cóid
ISO 639-3xlp
Glottologlepo1240
IETFxlp

Is éard is Leapóintis ann ná teanga nó canúint Cheilteach a bhí á labhairt sa cheantar ar thug na Rómhánaigh Gallia Cisalpina (an Ghaill Chios-Alpach, nó an Ghaill ar an taobh seo de na hAlpa) air idir 700 RC agus 400 RC. Is ionann Gallia Cisalpina agus tuaisceart nó iarthuaisceart na hIodáile sa lá atá inniu ann. Glactar leis gur canúint nó dlúthghaol de chuid na Gaillise a bhí sa Leapóintis, agus mar sin, is ceann de theangacha Ceilteacha na Mór-roinne í.

Níl mórán ar eolas faoin Leapóintis. D'fhág lucht a labhartha ina ndiaidh dornán d'inscríbhinní in aibítir Lugano. Aibítir is ea í atá bunaithe ar chóras litrithe na hÉatrúscaise - seanteanga a bhí á labhairt i Leithinis na hIodáile go forleathan sular tháinig an Laidin i réim go forleathan. Thángthas ar na hinscríbhinní Leapóintise timpeall ar Lugano, in aice leis an dá loch úd Lago di Como agus Lago Maggiore. Sa cheantar céanna, baineadh úsáid as córais chosúla scríbhneoireachta le teangacha eile, ar nós na Raetaise agus na Veinéitise, a scríobh, agus is dócha go bhfuil gaol ag aibítir Rúnach na dtreibheanna Gearmáinice leis an aibítir seo freisin.

Ar dtús, b'í an Ghaillis a d'fhág an Leapóintis in áit na leathpingine ina fód dúchais féin, nó tháinig treibheanna Gailleacha anall ó bhruach eile na habhann úd Po le socrú síos sa cheantar. Ansin, sa dá aois dheireanacha roimh bhreith Chríost, b'iad na Rómhánaigh a shealbhaigh Gallia Cisalpina, agus an teanga Laidine ag teacht sna sálaí acu, ní nárbh ionadh.

Níl na saineolaithe go léir ar aon tuairim faoi na hinscríbhinní Leapóntacha. Tá cuid acu barúlach go bhfuil na cinn is sine de na hinscríbhinní scríofa i dteanga nach bhfuil baint dá laghad aici leis na Ceiltigh, teanga atá gaolmhar leis an tsean-Liogúiris. De réir na tuisceana seo, ba chóir an t-ainm úd "Leapóintis" a chur in áirithe don teanga seo, agus "Gaillis Chios-Alpach" a thabhairt ar theanga Cheilteach na n-inscríbhinní eile. B'é seo an dearcadh coitianta go dtí tús na seachtóidí, nuair a d'fhoilsigh an saineolaí Michel Lejeune a shaothar faoi na hinscríbhinní Leapóntacha. Ina dhiaidh sin, glacadh leis go fairsing gur teanga Cheilteach a bhí sa Leapóintis - teanga chomh heisceachtúil leis an gCeiltibéiris, b'fhéidir, ach teanga Cheilteach mar sin féin. Tuiscint réasúnta nua is ea gurb aon teanga amháin iad an Leapóintis agus an Ghaillis Chios-Alpach.

Fuair an teanga a hainm ó na Leapóntaigh (Lepontii), treibh sheanársa a raibh cónaí orthu sa phroibhinse Rómhánach a dtugtaí Rhaetia uirthi - is ionann í Rhaetia agus codanna de thuaisceart na hIodáile, den Eilvéis agus de dheisceart na Gearmáine inniu. Is iomaí saineolaí léinn Cheiltigh a thugann "Leapóintis" ar chanúintí Ceilteacha Thuaisceart na hIodáile réamh-Rómhánaí go léir, ach tá cuid de lucht an léinn Cheiltigh den bharúil gurbh fhearr difríocht a aithint idir na Leapóntaigh, treibheanna bundúchasacha Ceilteacha eile na hIodáile agus na treibheanna ón nGaill a shealbhaigh Tuaisceart na hIodáile nuair a bhí annálacha na staire á scríobh cheana féin.

Tá na hinscríbhinní Leapóintise is sine ag dul níos faide siar ná an cúigiú haois RC. An ceann a fuarthas i gCastelletto Ticino, tháinig sé chun saoil sa séú haois RC, agus is dócha gur breacadh an ceann ó Sesto Calende síos sa seachtú haois RC. An cultúr a mbaineann na hinscríbhinní leis, tugann lucht na seandálaíochta Cultúr Golasecca air, agus iad inbharúla gur cultúr Ceilteach a bhí ann. Maidir leis an dáta a luaitear le héag na Leapóintise, níl ann ach tuairimíocht atá bunaithe air nach bhfuil aon inscríbhinn níos deireanaí ar fáil sa teanga.