Criostóir Colambas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Criostóir Colambas.

Ba loingseoir agus taiscéalaí Iodálach é Criostóir ColambasCristoforo Colombo as Iodáilis (Genova [?] 25 Lúnasa31 Deireadh Fómhair 1451 - Valladolid, An Spáinn, 20 Bealtaine 1506). Nílimid cinnte faoina áit bhreithe nó an dáta. Tá clú bainte amach aige mar gheall ar a thuras trasna an Aigéin Atlantaigh sna longa la Niña, la Pinta agus la Santa Maria i 1492, ar thóir bealach nua go dtí an t-Oirthear.Rugadh é sa bhlian 1451 i Genoa san Iodáil. Sa bhliain 1492, tháinig Columbus go Meiriceá i seirbhís Rí na Spáinne. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil, mar shampla Naomh Breandán, agus Lochlannaigh, ann roimhe ón Eoraip. Ar oileán Easpáinneoil (atá arna roinnt anois idir Háítí agus an Phoblacht Dhoiminiceach) a tháinig sé i dtír ar a chéad turas.

Féach freisin[athraigh | edit source]