Oileán na Tríonóide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachOileán na Tríonóide
CineálOileán
EapainmTríonóid
Cuid deOileáin na Gaoithe agus Na Mion-Aintillí
Suíomh geografachNa Mion-Aintillí
Suíomh
Stát ceannasachOileán na Tríonóide agus Tobága
Map
 10°27′38″N 61°14′55″W / 10.460555555556°N 61.248611111111°W / 10.460555555556; -61.248611111111Comhordanáidí: 10°27′38″N 61°14′55″W / 10.460555555556°N 61.248611111111°W / 10.460555555556; -61.248611111111
FarraigeMuir Chairib
Tréithe
Airde940 m
Toisí97 (leithead) × 140 (fad) km
Airde uastaEl Cerro del Aripo (en) Aistrigh  (940 m)

An ceathrú oileán is mó i Muir Chairib is ea Oileán na Tríonóide. Is é an t-oileán is mó de chuid Oileán na Tríonóide agus Tobága é. Tá sé suite i ndeisceart Mhuir Chairib, in Oileáin na Gaoithe. Suíonn Oileán na Tríonóide ar scairbh ilchríochach Meiriceá Theas, ach is é cultúr Mhuir Chairib atá i réim ann.

Tá 1,267,145 duine ina gcónaí ar an oileán (2011). Sin 267 duine sa chileaméadar cearnach nó 689 sa mhíle chearnach. Indiaigh Mheiriceánacha—na hAruacaigh agus na Cairibigh—chéad áitritheoirí an oileáin. Daonra ilchiníoch atá ann anois idir Indiaigh, Afraicigh, Indiaigh Thiar, agus eile.

Criostóir Colambas a bhaist an t-oileán leis an ainm "la Isla de la Trinidad" ar an tríú turas go Meiriceá aige. Ceapann cuid daoine gur "Oileán na nDordéan" a thugadh na bundúchasaigh air roimhe sin.

Lookout Point, in aice le Trá Maracas ar chósta thuaidh Oileán na Tríonóide

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]