Naomh Breandán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bréanainn agus an mhíol mór - Manuscriptum translationis germanicae (c.1460)

Naomh Breandán as Cluain Fearta (circa 484/489 - circa 578) nó An Loingseoir mar a bhí aithne air, is duine é de naoimh luath-mhainistreacha na hÉireann a bhfuil a chuid finscéalta tar éis áit na staire a thógáil. Is ceann de na Dhá Aspal Déag na hÉireann é.

Tá cáil air mar gheall ar an iomramh go Tír na nAoibhneas. Is é an 16 Bealtaine a fhéile. Is naomh pátrún do mhairnéalaigh agus dóibh siúd a bhíonn ag taisteal.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Breandán thart faoin mbliain 484-489 A.D., b'fhéidir gar don Fhianait i gContae Chiarraí i iardheisceart na hÉireann. "Ciarraíght Luachra" a tugadh ar an gceantar sna seanlaethanta. Sa seanchas, tá dlúthbhaint ag a ainm lena lán áiteanna i gContae Chiarraí, mar atá Ard Fhearta, Cnoc Bréanainn, Tobar Bhréanainn, na Blascaodaí agus Oileán Dairbhre.

Ar feadh cúig bliana, chuir Naomh Íde léann air[2] agus lean sé a chuid léinn faoi stiúir Naomh Erc.[3],[4] Rinne sé staidéar ansin i mainistir Chluain Ioraird faoi Naomh Finnian, is cosúil.

Oirníodh é mar shagart i 512. Idir 512 agus 530, thóg sé cillín mainistreach i Seanchill ag bun Chnoc Bhréanainn.

Taisteal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba ón áit seo a d’fhág sé ar an iomramh clúiteach a mhair seacht mbliana (ar na seanfhéilirí Éireannacha, tá féile i gcomhair “Egressio familiae S. Brendani” ar an 22 Márta).

Bréanainn ar stampa phoist ó na hOileáin Fharó

Thug sé cuairt ar Albain agus shroich sé Inse Ghall agus, b’fhéidir áiteanna níos faide i gcéin.Níos deireanaí thaistil sé go dtí an Bhreatain Bheag agus Oileán Í, an t-oileán naofa ar chósta thiar na hAlban. D’fhág sé a rian ar Albain, go háirithe in Óban, áit a bhfuil Cill Bréanainn. Tuairiscítear gur thug Breandán cuairt ar Inse Orc, Inse Shealtainn, agus ar an mBriotáin fiú (sa Fhrainc).

Ar ais in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó teacht ar ais go hÉirinn, bhunaigh sé mainistir i Eanach Dhúin i gContae na Gaillimhe.

Bhunaigh sé mainistir ag Inis dhá Dhroim i bparóiste Chill an Dísirt i gContae an Chláir thart ar an mbliain 550. Chomh maith leis sin, bhunaigh sé mainistir in Inis Mhic Uí Chuinn, Contae na Gaillimhe agus in Inis Gluaire, Contae Mhaigh Eo.

Ar ndóigh an mhainistir is cáiliúla a raibh baint aige léi ná Cluain Fearta, a bhunaigh sé circa 557/568, áit ar cheap sé Naomh Moinenn, a nia, mar phrióir agus mar phríomhoide.

D'éag sé ansin tráth éigin idir na blianta 570 agus 583, b'fhéidir.[5] Tá Naomh Breandán curtha i gCluain Fearta.

Ar oilithreacht ar son Chríost[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhair Breandán le linn tréimhse a mbíodh líon suntasach de mhanaigh Éireannacha a fágáil a dtíre dúchais le dul ar oilithreacht ar son Chríost agus chun an soiscéal a chraobhscaoileadh. D'fhág Columba Éire ag triail ar Oileán Í sa bhliain 563. Thug Columbanus aghaidh ar an bhFrainc - agus bhunaigh sraith de mhainistreacha idir Luxeuil agus Bobbio - thart faoin mbliain 590. Bhí oilithreachtaí den saghas sin i mbarr a maitheasa agus ní raibh cúrsaí ach ina thús. Faoin mbliain 891 thuairiscigh an Anglo-Saxon Chronicle gur 'tháinig triúr Scotach chun Rí Alfred as Éirinn, i mbád a bhí ar díth rámh a d'éalaíodar leo, óir do theastaigh uathu tabhairt faoi oilithreacht ar mhaithe ghrá Dé, agus ba chuma leo a gceannscríbe.' Dhírigh go leor de na hoilithreachtaí seo ar na hoileáin a bhí ar an taobh thiar, ó thuaidh agus ar an taobh soir ó dheas ó Éirinn.

Dealbh beag (2 & 1/4") atá deanta as péatar Tá Naomh Breandán ag caitheamh léine Rómhánach agus roth stiúrtha ina láimhe

In am trátha, thugtaí an taistealaí farraige ba mhó tábhacht ar Bhreandán, a sheol anonn is anall trasna an aigéin, gan oileáin uaigneacha a bhfaigheadh sé suaimhneas orthu mar sprioc aige a thuilleadh.

Iomramh finscéalach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cáil air mar gheall ar an iomramh finscéalach go Tír na nAoibhneas a raibh cur síos déanta air sa naoú haois sa lámhscríbhinn Iomramh de Naomh Breandán an Loingseoir.

Tá a lán leaganacha den scéal seo faoin gcaoi a ndeachaigh sé féin agus seasca oilithreach ar thóir Tír na nAoibhneas.

Má tharla sé seo, tharla sé thart ar 530, sular dtaistil sé go dtí an Bhreatain. Ar an iomramh seo tá sé ráite go bhfaca sé oileáin bheannaithe agus brat fásra air.

Tháinig sé ar ollphéist mara, eachtra a roinn sé le duine de lucht a chomhaimsire, Naomh Colm Cille. An scéal is coitianta as an gcur síos seo ná nuair a shíl siad go raibh siad tar éis teacht i dtír ar oileán ach ní oileán a bhí ann ach ollphéist mór mara, Jasconius. Faigheann siad amach é seo nuair a lasann siad tine chun an Cháisc a cheiliúradh agus dúisíonn Jasconius.

Tá leaganacha eile den scéal seo i miotaseolaíocht na hÉireann chomh maith le traidisiúin eile na hEorpa.

An chéad duine ón Eoraip a bhain Meiriceá amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar ndóigh tá an-phlé déanta thar na blianta faoi cé acu an bhféadfadh Naomh Breandán Meiriceá a baint amach i gcurach nó nach bhféadfadh agus chomh maith leis sin cé acu eisean an chéad duine ón Eoraip a bhain Meiriceá amach.

Bhraith Criostóir Colambas ar na bhfinscéal a d’inis Naomh Breandán le cruthú go raibh tú in ann taisteal go dtí an Áise trasna an Atlantaigh.

I 1976 tóg an taiscéalaí Éireannach Tim Severin curach déanta as leathar daimh agus seol sé thar dhá shamhradh go dtí Talamh an Éisc trí Inse Ghall, Na Scigirí agus an Íoslainn le "taispeáint go raibh tú in ann tabhairt faoi iomramh mar seo ag úsáid an chineáil seo curaí". Ar an iomramh, chonaic Tim Severin a lán rudaí, cnoic oighir agus míolta móra ina measc. Léiríonn na tagairtí a bhí déanta de na radhairc seo i scríbhinní Naomh Breandán gur sheol sé sa cheantar céanna inar sheol Severin.

Nuair a scaip an scéal faoin iomramh, thosaigh oilithrigh agus daltaí ag teacht go hArd Fhearta le teagasc agus treoir a fháil ó Naomh Breandán. Dá bharr seo, bhunaigh pobail mainistreacha nua in áiteanna mar Ghallarais, Chill Maoilchéadar, Chnoc Bréanainn agus na Blascaoid.

1903; “Breandán Naoṁṫa ar an Muir” le Sarah Purser i Baile Locha Riach[6]

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a ainm nasctha le scata lonnaíochtaí manach i gContae Chiarraí, Contae an Chláir, Contae na Gaillimhe agus ar oileáin abhainn na Sionainne.

Bhí Cluain Fearta ar na mainistreacha ba cháiliúla acu seo, é lonnaithe in Oirthear na Gaillimhe, áit a dtosaíonn scéal Thuras Naomh Breandán, is cosúil.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Fógraí / Newsletter 10 Bealtaine 2015" (ga). Paróiste Naomh Muire - Dingle Parish Online (2015-05-09). Dáta rochtana: 2020-05-16.
  2. O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí | The Schools’ Collection. ""B'í Naomh Íde a mháthair oileamhna ó aois bliadhna dhó go h-aois 6 mblian"" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2020-05-16.
  3. Baisteadh Naomh Erc i dTiobraid in aice le hArd Fhearta.
  4. O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí | The Schools’ Collection. ""B'é an duine ba mhó cáil de dhaltaí Noimh Eirc, ná Bréanann Naomhtha"" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2020-05-16.
  5. "Naomh Bréanainn, ab | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2020-05-16.
  6. Baisteadh Naomh Erc i dTiobraid in aice le hArd Fhearta.