Leathar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Leathertools.jpg

Seithe mamaigh, reiptíleéin, coirtithe chun í a chaomhnú is a dhéanamh solúbtha crua, is ea leathar. Bíonn leathar frithsheasmhach i gcoinne meathlaithe, fiú nuair a fhliuchtar is a thriomaítear arís is arís eile é, tréith a bhraitheann ar a struchtúr snáithíneach póiriúil.

Déantús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa phróiseas coirtithe, baintear an ghruaig den tseithe ar dtús, coirtítear í le tainnin, cróm nó alúm, déantar solúbtha í le geir,.Ar deireadh críochnaítear an dromchla le glónrú, dathú, laicearú, cabhradh is/nó svaeidiú. Scoiltear an tseithe le meaisín ina dhá chiseal, ciseal colainne is ciseal seachtrach, chun tiús cuí leathair a fháil.

Sóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar leathar Mharacó as seithe gabhair, a shnastar go críochnaithe.

Dhéantaí leathar seamaí as seithe fiaghabhair, ach anois úsáidtear seithí eile a scoiltear is a choirtítear chun a mboige a fheabhsú.

Green Alley Award 2019 Gelatex

Déantar ábhair shaorga anois le struchtúr póiriúil cosúil le leathar. Mar shampla, cruthaíonn Gelatex Technologies[1] ábhar as geilitín atá cosúil le leathar traidisiúnta. Is féidir an t-ábhar a úsáid in éadaí, bróga, agus taobh istigh de charranna. Tá an t-ábhar seo níos fearr don timpeallacht toisc go mbaineann siad úsáid as ábhar nádúrtha ó phróisealú feoil. Is ábhar orgánach é freisin.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]