Oileán Dairbhre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachOileán Dairbhre
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilNa hOileáin Cheilteacha Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 51°54′N 10°21′W / 51.9°N 10.35°W / 51.9; -10.35
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Toisí3 (leithead) × 11 (fad) km
Achar26.306 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Oileán i gContae Chiarraí, in Éirinn, is ea Oileán DairbhreValentia Island (nó cuan Bhéil Inse[1]).[2] Bhí 665 duine ina gcónaí ann in 2010 an bhliain ar fad. Tá Dairbhre suite amach ó Leithinis Uíbh Ráthach, ciliméadair amháin ó Chathair Saidhbhín, ar inbhear abhainn Feartha.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bádh gaileon beag, an Trinidad ar an 12 Meán Fómhair amach ó Dhairbhre is cosúil (féach ar Armáid na Spáinne in Éirinn). Leagadh an chéad chábla cumarsáide trasatlantach idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh ar an oileán i 1866. Chiallaigh sin go rabhthas ábalta teachtaireacht a sheoladh  3,000 cilimeadar trasna an Atlantaigh i gcúpla nóiméad, teachtaireacht a thógadh cúpla seachtain roimhe sin. Cuireadh deireadh leis an tseirbhís i 1966.[3]

Tá feachtas ar bun aitheantas a fháil do Stáisiún Cábla Dhairbhre mar Ionad Oidhreachta de chuid na Náisiún Aontaithe.

Réadlann Dhairbhre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cuid de Met Éireann, Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann, í Réadlann Dhairbhre.[4] Téann gaol an oileáin le meitéareolaíocht siar chomh fada leis an mbliain 1860, nuair a rinne an tAimiréal FitzRoy, a bhí i gceannas an Choiste Mheitéareolaíochta (na Breataine) de chuid an Bhoird Trádála, socruithe go seolfaí breathnadóireachtaí meitéareolaíochta rialta, trí mheán teileagraif, ó 15 stáisiún ar talamh sa Bhreatain agus in Éirinn. Roghnaíodh Dairbhre le bheith ar cheann de na stáisiúin sin mar go raibh nasc teileagrafach ag an oileán le Londain chun seirbhísiú a dhéanamh ar an gcábla trasatlantach. Aithníodh láithreach bonn an tábhacht a bhain le Dairbhre mar shuíomh le breathnadóireachtaí meitéareolaíochta a dhéanamh, agus é suite i gconair na gcóras aimsire ag teacht isteach ón Atlantach.

Réadlann Dhairbhre

Sa bhliain 1865 bheartaigh rialtas na Breataine réadlanna a bhunú ina raibh ionstraimí féintomhaiste, ag seacht suíomh, Dairbhre san áireamh. Déanann an Réadlann inniu tomhais mheitéareolaíochta aimsire dhromchla agus aeir íochtaraigh, chomh maith le raon gníomhaíochtaí eolaíochta eile – ina measc monatóireacht ózóin, geomaighnéadaigh, seismeolaíocht, radaíocht na gréine agus monatóireacht ar an gcomhshaol.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 'Bealinche' agus 'Ballentia' i mBéarla, roimh Valentia
  2. "Dairbhre/Valencia Island" (ga-IE). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-07-20.
  3. "Athchóiriú ar stáisiún cábla Dhairbhre" (as en) (2016-07-05). 
  4. 4.0 4.1 "Réadlann Dhairbhre - Met Éireann - Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann". www.met.ie. Dáta rochtana: 2022-07-20.