Eanach Dhúin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilEanach Dhúin

Suíomh
Map
 53°23′24″N 9°04′23″W / 53.38998°N 9.07299°W / 53.38998; -9.07299
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla2.776 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie18411

Is paróiste é Eanach Dhúin[1] i gContae na Gaillimhe, Poblacht na hÉireann. Tá sé suite ag Cuan Eanach Dhúin ar Loch na Coiribe.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní luaitear Eanach Dhúin sna hannála go dtí an dara haois déag. Ceaptar gur thug Rí Chonnacht, Áed mac Echach, do Bhreandán é, cé go luaitear i bhfoinsí eile go raibh tailte Áed, talamh Uí Bhriúin Aoi, i gCo. Ros Comáin, agus nach mbeadh ar a chumas talamh le taoiseach eile a bhronnadh.

Faightear an tagairt iontaofa is luaithe d'Eanach Dhúin in Comainmniguid Noem nErenn, a scríobhadh c. 800, agus ina bhfaightear tagairt do Chiarán Enaigh Dúin.

Sa 12 haois bunaíodh deoise Eanach Dhúin. Cé nach liostaítear é i Sionaid Rathbreasail ná Cheanannais, mhair an deoise ar feadh na gcéadta bliain. Bhí an teideal Easpag Eanach Dhúin in úsáid ó c. 1189 ar aghaidh. Toghadh roinnt easpag idir 1189 agus 1485.

Ardeaglais Eanach Dhúin

In 1410 chuir Áedh Ó Flaithbheartaigh airgead ar fáil le séipéal a thógáil in Eanach Dhúin.

In 1485, nuair a cruthaíodh Bardlathas na Gailimhe, ceanglaíodh Eanach Dhúin go foirmeálta le Deoise Thuama [2]

Tógadh Mainistir Eanach Dhúin sa 15ú haois [3]

Thóg muintir Uí Fhlaithearta Caisleán Eanach Dhúin go deireanach san 14 haois ar chladach thoir Loch na Coiribe, áit a bhfuil sé fós le feiceáil.[4]

Tragóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déardaoin, 4 Meán Fómhair 1828, bádh 20 duine a bhí ag taisteal go Gaillimh ar an gCaisleán Nua nuair a chuir caora a cos trí urlár an bháid. Scríobh an file dall Antoine Ó Raiftéirí amhrán cáiliúil, 'Eanach Dhúin', faoin tragóid, Antoine Ó Raifteiri. Thóg Club Slatiascaireachta Eanach Dhúin leacht chuimhneacháin ag Céibh Eanach Dhúin i 1978, 150 bliain tar éis na tragóide.

Memorial at Annaghdown Pier, erected in 1978 in memory of those drowned in 1828

Bhí an tuairisc a leanann sa Connacht Journal ar 4 Meán Fómhair:

An old row-boat in a rotten and leaky condition, started from Annaghdown early in the morning, a distance from Galway up Lough Corrib of about eight miles, having, it is calculated, about 31 persons on board, who were coming to the fair of Galway; the boat and passengers proceeded without obstruction until they arrived opposite Bushy Park within two miles of Galway, when she suddenly went down and all on board perished except about 12 persons who were fortunately rescued from their perilous situation by another boat. Eighteen of the bodies of these unhappy creatures were taken out of the lake in the course of the day and presented a most heart-rending scene, being surrounded by their friends who came to identify them, and by whom they were removed in a boat to Annaghdown.

The boat was in such an unsound state as to render her unfit for the passage. The unfortunate accident happened by a sheep putting its leg through one of the planks, which produced a leak, in order to stop which one of the passengers applied his great coat to the aperture and stamped it with his foot. In doing so he started one of the planks altogether, which caused the boat's immediate sinking, having been overloaded; ten sheep, a quantity of lumber, and about 31 persons being on board.

Eighteen of the bodies have been found; 12 have escaped, and one is missing. Major Dickson and a party of the 64th Regiment attended and rendered every humane assistance in their power. An inquest was held on the bodies by John Blakeney Esq., Coroner, at which James O'Hara, Esq., M.P., and J. H. Burke, Esq., Mayor, attended, and the jury returned a verdict of "accidental drowning".

The following are the names of the persons drowned and taken out of the lake: Bridget Farragher, Mary Costello, Judith Ryan, Bridget Hynes, Mary Newell, Winifred Jourdan, Mary Flynn, Bridget Curley, Catherine Mulloy, Mary Carr, Michael Farragher, Michael Cahill, John Cosgrove, John Concannon, Thomas Burke, Patrick Forde, John Forde and Timothy Goaley.

Filíocht agus Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eanach Dhúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Antoine Ó Raifteiri,[5] a scríobh an dán thíos

"Eanach Dhúin" English Translation
Má fhaighimse sláinte is fada bheidh trácht
Ar an méid a bádh as Eanach Dhúin.
'S mo thrua 'márach gach athair 's máthair
Bean is páiste 'tá á sileadh súl!
A Rí na nGrást a cheap neamh is párthas,
Nar bheag an tábhacht dúinn beirt no triúr,
Ach lá chomh breá leis gan gaoth ná báisteach
Lán a bháid acu scuab ar shiúl.

Nár mhór an t-íonadh ós comhair na ndaoine

Á bhfeicáil sínte ar chúl a gcinn,
Screadadh 'gus caoineadh a scanródh daoine,
Gruaig á cíoradh 's an chreach á roinnt.
Bhí buachaillí óg ann tíocht an fhómhair,
Á síneadh chrochar, is a dtabhairt go cill.
'S gurb é gléas a bpósta a bhí dá dtoramh
'S a Rí na Glóire nár mhór an feall.
If my health is spared I'll be long relating
Of that boat that sailed out of Anach Cuain.
And the keening after of mother and father
And child by the harbour, the mournful croon!
King of Graces, who died to save us,
T'were a small affair but for one or two,
But a boat-load bravely in calm day sailing
Without storm or rain to be swept to doom.

What wild despair was on all the faces

To see them there in the light of day,
In every place there was lamentation,
And tearing of hair as the wreck was shared.
And boys there lying when crops were ripening,
From the strength of life they were borne to clay
In their wedding clothes for their wake they robed them
O King of Glory, man's hope is in vain.

[6]

Scríobh Dick Farrelly an t-amhrán, "Annaghdown" atá le cloisteáil ar an albam "Legacy of a Quiet Man" le Sinead Stone & Gerard Farrelly.

Véarsa deiridh an amhráin - foilsithe ag Andic Songs / Mechanical Copyright Protection Society

And when once more the cuckoo’s in the meadow
And mayflies dance along the Corrib shore
In my beloved Annaghdown you’ll find me
And I’ll be back to say farewell no more.


Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Eanach Dhúin/Annaghdown | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Archdiocese of Tuam http://en.wikipedia.org/wiki/Roman_Catholic_Archdiocese_of_Tuam#History
  3. http://corrandulla.galway-ireland.ie/annaghdown-cathedral.htm County Galway Guide
  4. Annaghdown Castle http://corrandulla.galway-ireland.ie/annaghdown-castle.htm
  5. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Antoine Ó Raifteiri
  6. "Lyrics of "Eanach Dhúin"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-08-14. Dáta rochtana: 2014-11-07.