Guadalúip

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Guadalúip

Is réigiún na Fraince í Guadalúip. Tá na hoileáin suite sa Mhuir Chairib. Bhí 400,132 duine ag maireachtaint ann sa bhliain 2015. Tá achar de 1,628 km ag na hoileáin. Is cuid don Aontas Eorpach í Guadalúip agus tá an euro á úsáid ann. Is í an Fhraincis teanga oifigiúl na hoileáin agus tá criól Ghuadalúip á labhairt go forleathan ann chomh maith.

Tá vóta ag muintir Ghuadalúip i dtoghcáin uachtarántachta na Fraince. I dtoghcáin na bliana 2017, ar an 8ú Bealtaine, vótáil 75.1% % ar son Emmanuel Macron agus vótáil 24.9% ar son Marine Le Pen. Vótáil 49.2% de mhuintir na hoileáin sa toghcán is déanaí ach bhí 7.3% do na vótaí millte agus bhí 6.6% eile bán.

Pictiúr de Ghuadalúip ón aeir