Bartolomé Colón
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1460 (Féilire Ghréagóra) Genova |
| Bás | 1515 54/55 bliana d'aois Santo Domingo |
| Gobharnóir sealadach | |
| | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | taiscéalaí |
| Ball de | |
| Teangacha | An Spáinnis |
| Ghlac sé/sí páirt i | |
| 22 Samhain 1493 | Columbus Administration in Hispaniola (en) |
| Teaghlach | |
| Athair | Domenico Colombo agus Susanna Fontanarossa |
| Siblín | Criostóir Colambas agus Diego Colombos |
Ba deartháir óg le Cristobel Colón é Bartolomé Colón; (Iodáilis: Bartolomeo Colombo; t.1461 – 1515).
Bhí Bartolomeo ina chairteoir i Liospóin na Portaingéile sna 1470í, mar a raibh príomhionad léarscáilíochta an domhain ag an am. Lena dheartháir Cristobel thiomsaigh sé "Fiontar na nIndiacha", scéim chun greim na Portaingéile ar thrádáil na spíosraí leis an Chianoirthear a bhriseadh, trí sheoladh siar thar an Aigéan Atlantach go Oirthear na hÁise.
Sna blianta déanacha de na 1480í chuaigh Bartoloméo a chónaí sa Fhrainc, agus rinne sé iarracht spéis rí na Fraince sa scéim a mhúscailt, mar a rinne Cristobel sa Spáinn le Banríon na tíre sin.

Chuala Bartoloméo sa bhliain 1493 go raibh rath ar thuras a dhearthára agus chuaigh sé chun na Spáinne agus Cristobel imithe cheana féin ar a dhara thuras. Le cúnamh airgid ón choróin sheoil sé go dtí an Easpáinneoil (nó Quisqueya sa teanga Taino) i 1494 chun bualadh le Cristobel.
D'fhan sé ar an oileán sin ar feadh sé bliana go leith (1494-1500) mar chaptaen ar cheann de na longa nó mar ghobharnóir leis an teideal Adelanto nuair a bhí a dheartháir as láthair.
Bhunaigh sé an chathair Santo Domingo de Gusman ar an oileán idir na blianta 1494 agus 1498, atá anois ina phríomhchathair ag an Phoblacht Dhoiminiceach. Rinneadh an-chuid gearán faoina réimeas mar ghobharnóir agus cuireadh é féin, Cristobel, agus deartháir eile Giacomo (nó Diego) i bpríosún agus sheoil Francisco de Bobadilla ar ais chun na Spáinne iad i mí na Nollag 1500. Fuair siad pardún ríoga agus sheoil Bartoloméo le Cristobel ar a thuras deireanach go Meiriceá.

D'ainmnigh Cristobel Colón an t-oileán St Bartholomé ina onóir.
Fuair sé bás i Santo Domingo sa bhliain 1515, agus tháinig a dheartháir Diego i gcomharbacht air mar rialtóir na hEaspáinneola.