Santo Domingo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Santo Domingo
Santo Domingo de Guzmán
Santo Domingo
Suíomh

18°29′ Thuaidh 69°55′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of the Dominican Republic.svg An Phoblacht Dhoiminiceach
Cúige: Distrito Nacional
Méara: Roberto Salcedo
Déimeagrafaic
Achar: 104.44 km²
Daonra: 2,084,852 (2007)
Dlús daonra: 8,747/km²
adn.gob.do

Is í Santo Domingo de Guzmán (nó Santo Domingo), le daonra 2,253,437 sa bhliain 2006, an phríomhchathair agus an chathair is mó sa Phoblacht Dhoiminiceach, agus an seachtú cathair is mó i Meiriceá Thuaidh. Tá an chathair suite ar an Mhuir Chairib ar inbhear abhann Ozama. Is í an lonnaíocht Eorpach is sine atá ar marthain ar ilchríocha Mheiriceá.

Ba é Bartolomé Colón, deartháir an taiscéalaí Cristobel Colón, a bhunaigh an chathair go hoifigiúíl ar an 5 Lúnasa, 1498, ach bhí Spáinnigh lonnaithe sa cheantar le cúpla bliain roimhe sin.

Rinne spéirling an-damáiste don chathair sa bhliain 1930 agus thug sé sin deis don deachtóir Rafael Trujillo í a atógáil agus Ciúdad Trujillo a thabhairt mar ainm uirthi, ach nuair a maraíodh Trujillo sa bhliain 1961 tugadh a seanainm ar ais di.

Bhunaigh Bartolomeo Colón cóilíneacht agus thug sé La Isabela uirthi in ómós do bhanríon Isabela na Spáinne, ach athraíodh an t-ainm go Santo Domingo go gearr ina dhiaidh sin. Scrios spéirling an baile sa bhliain 1502 agus thóg an Gobharnóir Nicolás de Ovando baile nua ar shuíomh eile in aice láimhe. Tá leagan amach na cathrach sin le feiceáil go fóill sa cheantar cóilíneach nó an Zona Colonial a ainmníodh mar Ionad Oidhreachta Domhanda sa bhliain 1990. Tá páláis agus séipéil mhaorga ón séú haois déag sa cheantar seo a léiríonn stíl ailtireachta na linne.

Baineadh úsáid as Santo Domingo mar cheanncheathrú do chuid mhór den taiscéalaíocht a rinne na Spáinnigh sa domhan nua go dtí gur tháinig cóilíneachtaí eile chun tosaigh go háirithe tar éis don bhfoghlaí mara Sasanach Francis Drake an chathair a ghabháil agus a scrios sa bhliain 1586. Idir 1795 agus 1822 bhí an chathair ina cnámh spairne idir an Spáinn agus an Fhrainc, ach sa bhliain 1821 bhí sí ina príomhchathair ag stát neamhspleách ar ar tugadh Háití Español. Níorbh fhada gur ghabh na comharsana i Háití an tír agus an chathair agus d'fhág go leor de na Spáinnigh dá bharr sin.