Naomh Pól

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Naomh Pól ó Tarsas - Dealbh ar San Pietro na Vatacáine.

Is é Naomh Pól (timpeall 10 - timpeall 67) duine de na haspail is cáiliúla agus is tábhachtaí i stair na Críostaíochta. Tá a litreacha fós in úsáid i rith an Aifrinn beagnach gach Domhnach. Murarbh ionann agus na haspail eile ní raibh aithne phearsanta aige ar Íosa Críost. Níor chreid sé i scéal Íosa go dtí lá amháin nuair a chonaic sé aisling d'Íosa aiséirithe agus é ar an bhealach go dtí an Damaisc.

Tá tionchar ollmhór aige ar Thiomna Nua an Bhíobla toisc an méid scríbhneoireachta a rinne sé agus is féidir léargas a fháil ar an gCríostaíocht i dtús a réimse óna chuid litreacha. Tá ceithre litir déag againn scríofa aige agus is dóichí gurb iad siúd na cinn is sine. Luaitear Naomh Pól i nGníomhartha na nAspal freisin.

Tá formhór na litreacha seo scríofa chuig séipéil timpeall na Tuirce, na Gréige, na hÁise Bige agus na Róimhe, agus iad lán de chomhairle faoin gcaoi chun saol Críostaí a bheith ag duine agus céard a bhí i soiscéal Íosa.

Rugadh é i dTarsas, baile i gcríocha Tuirce an lae inniu. Admhaíonn Naomh Pól féin gur chaith sé anuas ar Chríostaithe agus é óg, agus go raibh sé i láthair nuair a rinneadh[ [mairtíreach]] de Naomh Stiofáin. Ach lá amháin agus é ar a bhealach go dtí an Damaisc, tháinig Íosa chuige in aisling agus d'impigh sé ar Phól a shaol a athrú. I ndiaidh na heachtra seo bhí Pól dall go dtí gur bhaist Ananias é. Ó shin ar aghaidh thug Pól faoi theachtaireacht Íosa Críost a scaipeadh.

Ina dhiaidh sin thaistil sé ar fud na háite ag múineadh an tsoiscéil. D'fhill sé lá ar Iarúsailéim, agus cé gur lig na Giúdaigh dó fanacht ansin ar dtús, tháinig fearg ar ghrúpa mór a bhí réidh lena chur chun báis ach shábháil saighdiúir Rómhánach é. Gabhadh agus cuireadh i bpríosún é. Níl sé iomlán cinnte céard a tharla dó roimh dó bás a fháil. De réir Eusebius ó Chaesarea (a scríobh sa 4ú aois) cuireadh chun báis é faoi riail an Impire Nearó. Tá traidisiún ann go bhfuair Naomh Pól bás ar an lá cheanna agus Naomh Peadar (29 Meitheamh) sa bhliain 64 nó 67. De réir chuntais áirithe chuaigh sé go dtí an Spáinn agus is féidir go ndeachaigh sé go dtí an Ghréig agus an Áis Bheag. Pé scéal é, is cosúil gur gabhadh é, agus gur cuireadh chun báis é sa Róimh.