Eochaidh Ó hEodhasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

File dearscnaithe ba ea Eochaidh Ó hEodhasa (d’éag 9 Meitheamh 1612) lena linn agus maítear gur sháraigh sé na scríbhneoirí ab fhearr i measc fhilí a chomhaimsire, Tadhg Dall Ó hUiginn agus Fearghal Óg Mac an Bhaird.[1] Tá sé ráite freisin go mbeadh tús curtha ag Ó hEodhasa le ré nua san fhilíocht fiú mura mbeadh teipthe ar Ghaeil i ndiaidh Chionn tSáile.[2]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dócha gurbh i mBaile Uí Eodhasa, Contae Fhear Manach, a rugadh é. Deartháir leis ba ea Giolla Brighde Ó hEodhasa, nó gaol gairid. Bhí a athair, Maoileachlainn Óg, ina fhile agus eisean is mó a chuir oiliúint air. D’fhreastail sé ar scoil i Leath Chuinn agus chaith tamall i mbun staidéir i dTuamhumhain. Faoin am sin bhí sé ina ollamh. Bhí eolas aige ar Laidin agus ar litríocht ársa na Gaeilge, agus thuig sé an gradam a bhí dlite don ollamh.[3]

Mar ollamh ag Mag Uidhir Fhear Manach a chaith sé cuid mhór dá shaol. Is iad na pátrúin a bhí aige Cúchonnacht (a d’éag in 1589), Aodh, a mhac siúd (a d’éag in 1600), agus leasdeartháir Aodha, Cúchonnacht, a d’imigh chun na Róimhe leis na hiarlaí in 1607 agus a fuair bás in Genova ar an 12 Lúnasa 1608.[3]

Luaitear é in 1585–6 i measc na ndaoine ar tugadh pardún dóibh i bhFear Manach. Tháinig sé féin agus Aodh Mag Uidhir le chéile den chéad uair timpeall 1586, agus shocraigh siad go gcuirfeadh Eochaidh ceathrú ag moladh Aodha i ngach dán a chumfadh sé. Bhronn Aodh feirm air sa Chorrán in aice le Béal Átha na Mallacht (cé nach raibh Eochaidh ró-shásta léi).[3]

Siúd ó dheas le Cúchonnacht Mag Uidhir é agus na Spáinnigh tagtha i dtír, ach bhí air teacht ar ais agus é gortaithe. Thóg sé dhá mhí air teacht aniar as. Bhí áthas air nuair a tháinig Séamas I i gcoróin in 1603, mar a bhí ar an aos léinn i gcoitinne agus na Stíobhartaigh ina ríthe ar Éirinn. Ach mheath a dhóchas air.[3]

D’aithin sé mar fhile go raibh malairt saoil ann. In 1603 scríobh sé an dán “Ionmholta malairt bhisigh” agus é ag moladh meadarachtaí aiceanta seachas dán díreach (i ndáiríre nó a mhalairt).[3]

Ba é an dán is deireanaí uaidh an ceann a scríobh sé do Mhaolmhuire Ó Raghallaigh in 1610. Bronnadh 210 acra air in bPlandáil Uladh in 1610–11. Fuair sé bás ar an 9 Meitheamh 1612. Tá an méid seo ráite in Gearr-Annála Fhear Manach (1566–1625):[4]

Ó hEoghasa darbh ainm Eochaidh, ardollamh oirdheirc i ndán agus i bhfoghluim agus i ngéarintleacht na healaíona Gaeilge agus biatach maith agus fear tí aíoch go comhchoiteann, duine mór-ainmneach ag Gaelaibh agus ag Gallaibh, d’éag.

Ní deirtear gur phós sé, cé gur chuir sé suim i Róis Ní Thuathail, baintreach Fhiachaidh mac Aodha Uí Bhroin, tráth agus gur scríobh sé dhá dhán di.[3]

Sliocht as “Ionmholta malairt bhisigh”[5][cuir in eagar | athraigh foinse]

Ionmholta malairt bhisigh:
tárraidh sinde 'san amsa
iomlaoid go suarrach sona,
do-chuaidh a sochar dhamhsa.
Do thréig sind sreatha caola
foirceadal bhfaobhrach ffrithir
ar shórt gnáthach grés robhog,
is mó as a moltar sinde.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Luaite in “Ó hEodhasa, Eochaidh (c.1568-1612)”: Ainm.ie [1], de réir an chuntais ag Pádraig A. Breatnach in Éigse XXVII, 1993.
  2. James Carney agus Eleanor Knott, luaite in “Ó hEodhasa,” op. cit..
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 “Ó hEodhasa, Eochaidh (c.1568-1612)”: Ainm.ie [2].
  4. In eagar ag Pól Breathnach in Irish Book Lover XXIII, 1935: leasú beag déanta ar an litriú.
  5. Eochaidh Ó hEoghasa, “Ionmholta malairt bhisigh,” in CELT: The Corpus of Electronic Texts: https://celt.ucc.ie/published/G402229/index.html